Le hambasadóirí iontacha cosúil le Miriam O’ Callaghan, Art Parkinson agus Mícheál Ó Ciaraidh, is cosúil go mbeidh Seachtain na Gaeilge den chéad scoth i mbliana. Urraithe ag Energia, is é an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain. Mar is ghnáth, beidh sé ar siúl idir an 1 agus 17ú lá Márta. Tá na céadta imeachtaí cláraithe don choicís.
5 imeachtaí le linn na féile
- Beidh turas Páirc an Chrócaigh as Gaeilge ar an 12ú Márta. Tá spásanna teoranta air. Is féidir ticéidí a fháil ar an suíomh idirlíne ar leathphraghas.
- Freisin, beidh turas i Reilig Glas Naíon as Gaeilge ar siúl le linn na féile. Má tá suim agat i stair na hÉireann, b’fhiú go mór é.
- Beidh roinnt imeachtaí ar siúl in Club Chonradh na Gaeilge. Tá an Club le hathoscailt le linn SnaG comh maith. Má tá spéis agat imeacht a eagrú sa chlub, is féidir dul i dteagmháil le runaí an chlub ag runai@anclub.ie
- Beidh Lá Teaghlaigh Sheachtain na Gaeilge ar siúl ar Fhaiche Stiabhna. Beidh imeachtaí don chlann ar fada agus beidh Seo Linn ag casadh ann comh maith.
- Imeacht an-spéisiúl ar bhun ag mic léinn UCD. Gaelbreak an t-ainm atá air. Caithfear dul ó BÁC go dtí Gaeltacht éigin, gan Béarla agus gan airgead ar bith.
Tá aip na féile le híoslódáil saor in aisce ó Google Play agus an App Store anois. Is féidir coinneáil ar an eolas nó imeachtaí i do cheantar féin a reachtáil go héasca. Seoltar níos mó ocáidí gach lá ní hamháin i mBÁC, nó in Éirinn fiú, ach i chuile cearn den domhan.