Gaeilge

Gaeilge ag dul Ó neart go neart dar le daonÁireamh 2016

Tá laghdú ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla in Éirinn tuairiscithe tar éis foilsiú na torthaí is luaithe ó Daonáireamh 2016. De thoradh, tá na meáin (Bhéarla ach go háirithe), ag tuairisciú (arís!), go bhfuil ár dteanga dhúchais ag fáil báis agus go bhfuil sé ar a dé dheiridh. Ach mar is eol do Ghaelgóirí na tíre, ní drochscéal é sin. Seans nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sna ceantair Ghaeltachta ach tá sé ag dul ó neart go neart ar an gcoigríoch.
 
Tá go leor cúiseanna le sin. Ar an gcéad dul síos le blainta beaga anuas, ó ré an Tíogar Ceilteach, tá na mílte Éireannaigh imithe ar imirce. Gaeil óga na tíre a chuaigh ar an mbád bán. Anois agus iad i bhfad i gcéin, ag tógáil a clainne féin, baintear úsáid as a dteanga dhúchais chun nasc a chruthú agus a choimeád leis an mbaile. Uaireanta, is iarracht é cuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr a roinnt lena bpáistí, ionnas gur féidir leo tuiscint níos fearr a bheith acu ar fhréamhacha a tuistí agus iad á dtógáil i gcultúr eile.
 
Sin a dúirt an Rúiseach Victor Bayda ina leabhar, “Gaeilge mar mheán Cultúrtha” An Ghaeilge i gCéin; “Tá an Ghaeilge ríthábhachtach mar tá tú ag iarraidh tuiscint a fháil ar chultúr na hÉireann agus ar stair na hÉireann agus ar chuile rud Éireannach.”
 
Ní coincheap nua é seo. Tá an Ghaeilge ar fáil thar lear le fada. Ó ré an Gorta Mór in Éirinn, bhí ar dhaoine an tír a fhágáil, gan filleadh ar ais arís. Sin an fáth go bhfuil Gaeltacht oifigiúil le feiceáil in Ontario le blianta anuas.
 
Dar le suirbhé i 2007 déanta ag American Commuinty Survey, tá sinsearacht Éireannach ag 37 milliún Meiriceánaigh agus labhraíonn 22,279 dóibh an Ghaeilge
 
sa bhaile. Cuireann sé iontas orm an spéis atá ag daoine inár dteanga. Bíonn níos mó meas le brath ar an dteanga Ceilteach ársa thar lear ná mar atá anseo uaireanta.
 
Threisigh maoiniú Rialtas na hÉireann múinteoirí Gaeilge a chur in ollscoileanna i Meiriceá go mór le fás na Gaeilge ar an gcoigríoch. Tá léachtóirí Gaeilge lán-aimseartha ag cuid de na hollscoileanna ann anois; Boston College, Harvard, Ollscoil Nua-Eabharc, agus Ollscoil Notre-Dame ina measc. Agus ní i Meiriceá amháin a bhíonn na treochtanna seo le feiceáil.
 
An rud is mó a chuireann iontas orm le déanaí ná rath an Pop-Up Gaeltacht, ní amháin in Éirinn ach i ngach cearn den domhan. Gach uile seachtain feicim fógraí d’ocáidí mar sin i Meiriceá, san Astráil, san Áise nó ar fud na hEorpa. Is álainn an rud é go bhfuil muintir na Gaeilge ag bualadh le chéile tríd ár dteanga dúchais agus iad ag cur futhu na mílte míle ón oileán beag seo.
 
An chéad uair eile a luann duine leat nach bhfuil todhchaí i ndán don Ghaeilge, luaigh cuid de na huimhreacha sin leo. Ná tóg iad chuig Pop-Up Gaeltacht, áit ar bith ar domhan agus feicfidh siad gur teanga bheo bhríomhar idirnáisiúnta atá againn inniu.