Cad a cheapann sibh?
Cur tús le caitheamh aimsire nua
B’fhéidir go bhfuil tú i gcónaí ag smaoineamh páirt a ghlacadh sa ghrúpa drámaíochta áitiúil, nó b’fhéidir go bhfuil suim agat i yoga. Má tá sé i d’intinn le fada an lá nó má tá sé rud randamach ar nós ceachtanna cócaireachta bia Seapánach. Bhuel, stop ag smaoineamh air agus téigh amach agus déan é! Is slí deas bualadh le daoine nua freisin! Tá neart cúrsaí ar siúl an t-am seo don bhliain. Ní bheadh a fhios agat mura bhaineann tú triail as!
 
Tosaígí ranganna aclaíochta de shaghas éigin
Tá neart cloiste againn faoina rúin nua atá ag gach duine do 2015 agus mar sin de. Tá a fhios againn go léir cé chomh tábhachtach atá ranganna aclaíochta, ní hamháin don cholainn agus don intinn chomh maith. Is fiú é a dhéanamh! Ní gá dul agus ballraíocht chostasach a íoc sa giom, má tá tú ag iarraidh é seo a dhéanamh. Tá bealaí i bhfad níos saoire agus éasca chun roinnt aclaíochta a dhéanamh. Tá an méid sin físeanna aclaíochta ar Youtube le fáil saor in aisce! Nó b’fhéidir níl suim dá laghad agat i gcúrsaí aclaíochta, téigí amach le haghaidh siúlóid! Déanann an t-aer úr folláin maitheas don intinn agus beidh do choirp ag mothú níos fearr freisin!
 
Glac am duit féin
Táimid inár gcónaí i ndomhan ina bhfuilimid i gcónaí ag déileáil le daoine ag an gcoláiste nó fós féin, ar líne. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtógaimid briseadh. Éist le ceol, léigh leabhar, chur dath nua ar do chuid ingne - aon rud más mian leat! Má tá tú sásta agus má fhaigheann tú suaimhneas as - déanaigí é. Fiú uair sa tseachtain, ba chuma cé chomh gnóthach is atá tú - tóg uair amháin le haghaidh duit féin chuile sheachtain- gan aon fhón póca, gan aon strus, gan aon duine a bheith ag cur isteach ort. Beidh tú ag mothú i bhfad níos fearr ina dhiaidh!
 
Ithigí bia sláintiúla
Tá fhios againn go léir go bhfuil ceangal idir an bia agus an meabhairshláinte. Déan iarracht bia níos sláintiúla a roghnú - mar shampla pasta donn in ionad pasta bán nó roghnaigh na fraocháin ghorma mar go bhfuil siad i bhfad níos deise ná an bara seacláide sin. Cabhraíonn na rudaí beaga sin dúinn go mór mór agus beidh tú ag mothú níos fearr sláintiúla tar éis a ithe, in áit a bheith ag mothú ciontach tar éis an paicéad bhrioscaí a ithe. Ólaigí níos mó uisce - déan dearmad ar an mbuidéal coke nó fanta. Tá uisce i bhfad níos fearr duit! Nílim ag rá nach bhfuil cead agat rudaí milis a ithe, cinnte dearfach ach caithfidh ciall a bheith agaibh ag an am céanna. Beidh sé deacair ar dtús gan ceist ná dabht ach déanaigí bhur ndícheall agus beidh tú ag mothú na difríochtaí tar éis tamaill.
 
A chailíní, glanaigí amach na sean-éadaí!
Glan amach do shean éadaí nó aon cheo nach bhfuil tú ag caitheamh níos mó. Níl aon rud níos measa ná a bheith ag cuardach le haghaidh rud éigin a chaitheamh, fad is atá tú ag dul trí na rudaí nach gcaitheann tú níos mó. Múna bhfuil sé caite agat taobh istigh don bhliain - is oth liom a rá ach níl tú chun é a chaitheamh a thuilleadh! Faigh réidh é! Tá go leor siopa carthanachta ann a bheadh thar a bheith sásta é a thógáil! Is é an rud ceannann céanna le seodra agus mar sin de, múna bhfuil tú chun é a chaitheamh b’fhéidir go mbeidh duine éigin eile thar a bheith sásta é a chaitheamh.
 
Téigh ar aistear
Téigh ar J1 má tá tú i do mhac léinn, téigh idir-iarnródaíocht fud fad na hEorpa, nó fiú is fiú deireadh seachtaine a chaitheamh leis na cailíní nó na leaids. Gheobhaidh tú níos mó taithí ar an saol agus fanfaidh na cuimhneachán sin leat go deo na ndeor. Beidh scéalta agaibh do bhur ngarchlann amach anseo!
 
Coinnigh dialann do na rudaí atá tú sásta leis ag deireadh an lae
Scríobh síos rudaí a bhfuil tú sásta leis ag deireadh an lae. Is féidir é a bheith aon rud - chonaic tú fear dathúil ar na sráideanna, fuair tú gúna deas, dúirt duine éigin rud deas duit. Cibé rud atá sé -beag nó mór, scríobh é síos agus chóiméad é i ndialann. Beidh tú in ann na rudaí go léir a fheiceáil a rinne difríocht i do sheachtain.
 
Tá inniu cinnte níl amárach déan gach rud a bhfuil tú ag iarraidh a dhéanamh le do shaol.  
 
Má tá tú ag mothú go dona, labhair le duine - ceann do bhur gcairde, duine sa chlann nó fiú chuir glaoch ar líne chabhrach ar nós na Samaritans (116 123) agus mar sin de. Tá daoine ann a bheadh sásta éisteacht leat agus bheadh iontas ort an difríocht a dhéanfaidh sé.
 
Pictiúr: Lloyd Morgan/ Flickr