Is mar chuid de thraidisiún na hÉireann go gceiliúraimid agus go nglanaimid buíochas leis na mná a rinne an obair uilig le linn tréimhse na Nollag ar an lá speisialta - Oíche Nollag na mBan.

Ar an oíche áirithe seo i mbliana, inniú (6ú Eanáir) beidh ceiliúradh de shaol Nancy Corrigan, ar TG4, duine de na chéad ban phíolótaí.

Is fíor-scéal bunaithe ar Nancy Corrigan, a d’imigh go Meiriceá i 1929 agus í ina cailín bocht. D’éirigh léi a bheith mar dhuine de na chéad bhean-phíolótaí agus bhí sí i mbun traenála eitlíochta d’fhórsaí Mheiriceá le linn an dara chogadh domhanda.

B’as Abhainn Dubh do Nancy, leath bhealaigh idir an Mhála Raithní agus Gob an Choire, i bparóiste Acla, Co. Mhaigh Eo. Bhí a hathair ag obair ar an iarnród nuair a maraíodh é i dtimpiste agus dá bhrí sin, fágadh a máthair Maggie Mhór beo bocht agus ceathrar iníon aici.

Leanann an clár scéal Nancy ón am a fuair a hathair bás. Shocraigh Maggie Mhór dul ar imirce leis an chlann uilig go Cleveland, Ohio.

Thosaigh Nancy ag obair mar chailín aimsire ar dtús ach i ngan fhois dá máthair thosaigh sí ag freastail ar cheachtanna eitlíochta. Bhain sí éacht mór millteach amach agus í ach 19:  rinne sí a céad eitilt ina haonar, tar éis 4.45 uair a chloig traenála.

Bhris sí an churiarracht dhomhanda an uair sin, dar leis an Plain Dealer, páipéar nuachtán i Cleveland.

Rith sé le Nancy dul go Nua Eabhrac mar go raibh sí ag iarraidh ceadúnas a bhaint amach le bheith ina píolóta agus theastódh airgead lena h-aghaidh.

Cailín álainn a bhí inti: bhí sí ard agus caol agus d’úsáid sí a háilleacht le haghaidh airgead a thuilleamh do na ceachtanna eitlíochta.

Bhí sí in ann obair sheasta a bhaint amach ag déanamh mainicíneachta don Powers Model Agency sa chathair sin. De réir a chéile, bhain Nancy amach chuile short teastas a bhí ar fáil an uair sin maidir le cúrsaí eitlíochta.

Nuair a bhris an dara chogadh domhanda amach, chuir Nancy iarratas isteach le bheith ina WASP (Women Air Force Service Pilots) ach theip uirthi mar gheall nach raibh sí ina saoránacht Mheiriceánach fós.

Mar sin, bhog sí go Tulsa, Oklahoma, áit a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici i stair na heitlíochta. Is ansin a bhí sí ag traenáil saighdiúirí d’fhórsaí mhíleata Mheiriceá an chaoi le heitleán a thiomáint.

Bhí Nancy mar an chéad bhean ariamh a fuair post mar cheannaire ar an roinn eitlíochta in ollscoil Kansas. Ina dhiaidh an chogaidh, ghlac Nancy páirt i rásaí eitlíochta.

Chaith sí an chuid eile dá saol ag eitilt scairdeitleáin ar fud na Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1959 bhí beirt bhan a raibh ceadúnais phíolóta tráchtála acu, agus bhí Nancy mar dhuine acu.

Is cinnte go bhfaighidh mná na tíre inspioráid ó Nancy: bean a lean a brionglóid agus a d’fhág a rian ar an domhan. Ar Oíche Nollag na mBan, tugaimid aitheantas do na mná, ach i mbliana, tá sé de cheart é sin a thabhairt do Nancy: Spéirbhean Acla.

Nancy Corrigan ‘Spéirbhean Acla’. Ar TG4 6ú Eanáir 2015, 21.30