Osclófar do shúile, do chluasa agus d'anam don fhuaimrian coimhthíoch a bhaineann leis na teagmhálacha ceoil seo.

"Is malartú ceoil agus cultúir atá i gCeolchuairt nach bhfeiceann tú ró-mhinic ar an scáileán. Sa tsraith seo, caithimid na ceoltóirí le chéile gan mórán ullmhúcháin - casann muid na ceamaraí orthu - agus níos minice ná a mhalairt, tagann draíocht astu,” a dúirt Paddy Hayes stiúrthóir na sraithe nua a bheidh ag tosnú ar TG4 anocht.

Téann an tsraith nua seo ar aistear cheoil, le ceoltóir traidisiúnta Gaelach chuig cultúr ceoil eachtrannach a spreag ceol an té atá i mbun oilithreachta - chun a fháil amach an bhfuil siad in ann talamh coitinn a aimsiú lena stíl ceoil féin. “S’éard atá i gCeolchuairt ná an áit a chasann ceol domhanda le ceol Gaelach agus a théann siad ag spraoi lena chéile,” a léirigh Hayes roimh chraoladh an chláir anocht.

Sa chéad chlár, téann Fiachna Ó Braonáin, giotáraí agus amhránaí leis na Hothouse Flowers, i mbun tóraíochta i Maracó ag cuardach fréamhacha na ngormacha. Is ar bharr na sléibhte Rif a lorgaíonn sé sean-naisc le hamhránaíocht ar an sean-nós agus a chasann sé leis na Master Musicians of Joujouka faoi oíche lán ghealaí.

"Deis den scoth a bhí anseo chun tumadh isteach i gcultúr Maracó agus dul a shnámh ann - bhí an oilithreacht seo lán de dhathanna agus fuaimeanna, rithimí agus foinn nár bhlas mé ariamh - rithimí atá anois mar chuid díom,” a dúirt Fiachna

"An rud atá áirithe faoin sraith seo ná nach bhfuilimid ag lorg naisc le stíleanna ceoil Ceilteacha eile - d'aon turas táimid ag dul níos faide i gcéin sa tóir ar naisc le stíleanna an-éagsúil óna chéile," arsa léiritheoir na sraithe Laura Ní Cheallaigh.

“Léiríonn an tsraith gur teanga atá sa cheol nach n-aithníonn aon teorann.”

Breathnaígí ar Ceolchuairt.

Ag tosú Dé Máirt, 13ú Eanáir(anocht) @ 9.30pm ar TG4.

 

Photo: TG4/Flickr