Iar-mhac léinn Ollscoile de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh: Katie O’Halloran le bheith ar TG4 anocht.
“Táim ag ceapadh gur thuig mé go raibh mé difriúil ó dhaoine eile nuair a bhí mé ag déanamh mo chéad Chomaoineach. Tar éis dul suas chuig an altóir le haghaidh an Chomaoineach a fháil, bhí chuile duine timpeall orm ag caoineadh, ach ní raibh na clanna eile ag caoineadh. Sin an uair a thuig mé go raibh míchumas orm agus an tionchair a bhí aige ar mo shaol”, dar le Katie O’Halloran agus í ag labhairt go hoscailte sa chlár nua a bheidh ag craoladh ar TG4 anocht. 
 
Tá Katie 22 bliain dʼaois agus tá sí ina cónaí i gCill Chiaráin, i nGaeltacht Chonamara, Co. na Gaillimhe. Rugadh Katie leis an Siondróm Femur Fibula agus Ulna uirthi, rud a dʼfhág í gan lámha, agus le cois ghearr, mhíchumtha. Nuair a bhí sí an-óg dúirt na dochtúirí go raibh seans maith ann nach mbeadh Katie in ann súil go deo. Le linn a hóige thosaigh sí ag baint úsáid as a cois chun í féin a bheathú, le scríobh agus í féin a réiteach. “Bhí mé ag iarraidh rudaí móra a dhéanamh agus níl sé éasca, sin an rud is mó a chuireann as orm,” dar le Katie. 
 
Tar éis di filleadh abhaile ó Londain, le cabhair, d'freastail sí ar Scoil Náisúnta agus ar Meánscoil agus ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag staidéar dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. I 2013 tháinig corr nua ina saol nuair a fuair sí amach go raibh lámha nua be-bionic ar fáil - rud a chuirfeadh athrú mór ar a saol.
 
“Leanaimid Katie agus an pobal taobh thiar di ar an turas fada chun an t-airgead a bhailiú i gcomhar na lámha,” dar le stiúrthóir agus léiritheoir an chláir Éamonn Ó Cualáin. 

Tá clár nua faoi Katie O'Halloran ar #TG4 anocht an 7ú Eanáir ag 9:30pm.

 
Éacht deanta ag coiste Katie O'Halloran, seo píosa cainte ó Kathleen Bn Uí Dhubháin.