Tá sé fógartha ag Irish TV go mbeidh cúrsa réamhléiritheach i scileanna láithreoireacht teilifíse á reáchtáil acu.

Is é Irish TV an t-aon stáisiún teilifíse idirnáisiúnta in Éirinn atá ag craoladh ar an gcainéal Sky 191, eircom eVision, Freesat 400 agus na boscaí free-to-air, chomh maith le ar líne ag irishtv.ie

Bíonn an stáisiún i gcónaí ag cuardach láithreoirí úra nua le cur leis an bhfoireann ghníomhach a bhfuil  an-fhorbairt tagtha uirthi le linn na bliana.

“Táimid i gcónaí ag forbairt cláir nua agus ag cuardach tallainne nua, agus beidh an cúrsa seo ríthábhachtach ó thaobh traenála de le haghaidh láithreoirí agus céimí a dteastaíonn uathu slí bheatha a bhaint amach san earnáil teilifíse,” a mhínigh Príomhfheidhmeannach  Irish TV, Piaras Ó Raghallaigh.

“Táimid ag lorg daoine a bhfuil paisean agus pearsantacht don teilifís acu, agus fad is atá muid ag fás agus ag forbairt i Meiriceá, An Astráil agus an Áis, tá sé fíor-thábhachtach láithreoirí a bheidh mar ionadaí do Irish TV sna margaí nua seo,” a dúirt Ó Raghallaigh.

Beidh an cúrsa á reáchtáil ag foireann a bhfuil ard-scileanna ar a dtoil acu agus a bhfuil an-chur amach san earnáil acu. Beidh scríbhneoireacht don teilifís, láithriú chuig ceamara, oibríochtaí an cheamara, thar-ghuthú, stiúrthóireacht, scileanna an léiritheora, agus scileanna agallaimh agus teicnicí san áireamh. Sa lá atá inniu ann, tá an-iomaíocht sna meáin chumarsáide agus teastaíonn portfolio ó chuile láithreoir. Beidh dreas fótagrafaíochta ag gach páirtí ó ghrianghrafadóir proifisiúnta.

“Tar éis an chúrsa seo a dhéanamh, beidh breis roghanna faoina slí bheatha sna meáin ag na rannpháirtithe nó má theastaíonn tuilleadh staidéir uathu san earnáil seo atá ag fás. I ndiaidh an chúrsa, chomh maith le scileanna láithreoireachta teilifíse, beidh léargas níos cruinne ag na rannpháirtithe ar an earnáil teilifíse,” dar le Ó Raghallaigh.

Reáchtálfar an cúrsa thar dá lá, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, Feabhra 7 agus 8. Is é costas an chúrsa ná €300, agus clúdaíonn sé sin lón an dá lá,  ábhar, an traenáil agus DVD do gach rannpháirtí don triail scáileáin.  Beidh an cúrsa ar siúl idir a 9am agus 5in an dá lá in Ostán Knockranny, Cathair na Mart agus tá sé tábhachtach é a chur in áirithe. Má tá suim agat ann, féadfaidh tú clárú trí r/phoist a sheoladh chuig info@irishtv.ie nó glaoch a chur ar phríomhoifigí Irish TV ar 098-56582.