Ba mhaith le go leor daoine a bheith ina réalta teilifíse, bhuel seo do sheans! Tapaigí an deis toisc go bhfuil Indee Productions ag lorg láithreoirí do sraith nua Gaeilge do dhaoine óga, Na Dúlradóirí.
Tapaigí an deis toisc go bhfuil Indee Productions ag lorg láithreoirí do sraith nua Gaeilge do dhaoine óga, Na Dúlradóirí.
 
Céard atá ag téastáil? “Táimid ag cuardach láithreoirí Gaeilge ardfhuinnimh a mbeidh dáimh acu lenár lucht féachana atá 8-12 bliain d'aois, trí chomhthuiscint a bheith acu don spraoi, don iontas agus don eachtraíocht,” dar le léiritheoir na sraithe le Indee Productions,Gráinne McGuinness. 
 
Caithfidh croí na láithreoirí a bheith sa domhan nádúrtha, in iniúchadh an domhain sin agus é a chaomhnú. Táthar ag súil go spreagfaidh na láithreoirí na páistí le bheith ar an intinn chéanna.
 
Má tá an ról úr nua seo ag téastáil uait, caithfidh tú na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin: An bhfuil tú chomh paiseanta faoi iontais an chruthaithe is atá Brian Cox? An bhfuil ardmheas agat ar an neamhspleáchas agus ar na scileanna lasmuigh atá ag Katniss Everdeen? An dtaitníonn fíricí suimiúla leat amhail James May?
 
Is iad na príomhtréithe a bheidh Indee Productions ag cuardach ná duine fiosrach, easurramach, cruthaitheach agus neamhspleách. Píosaí beoga le ceamara a bheas i gceist i gcuid mhaith den ról agus is ann a thiocfaidh do phearsantacht tríd.
 
“Is é atá i gceist i ndáiríre ná dlúthbhaint dhearfach chroíúil a bheith agat lenár lucht féachana,” dar le McGuinness. 
 
“Ba bhreá linn a fheiceáil cad é a thig leat a dhéanamh, i ngearrthóg bomaite díot féin agus tú ag cur ábhair éigin i láthair a mheasann tú a mbainfeadh páistí atá 8-12 bliana d'aois sult as!”
 
Le cur isteach ar an bpost: déan teagmháille Neepa Sodhi: neepa@indeeproductions.com le foirm roghnaithe a fháil mar aon le sonraí faoin dóigh le d’fhíseán a chur chugainn.  
 
Dáta Deiridh: Dé Céadaoin 28úEanáir 5i.n.