De réir Cáinaisnéise 2017, beidh €36.5 milliún sa bhreis dírithe ar an ardoideachas, agus beidh airgead chun mic léinn faoi mhíbhuntáiste a mhealladh chun ardoideachas agus tacaíocht le forbairt na n-ollscoileanna teicneolaíochta ina measc. Tá an infheistíocht seo mar an chéad cionroinnt suntasach i gcomhair an ardoideachais le naoi mbliain anuas.

Úsáidfear €3 milliún don mhaoiniú do “thaighde,” agus beidh €1.5 milliún den mhéid sin ag cabhrú leis an gclár taighde nua an rialtais, Frontiers, agus é ag déanmah iarracht taighdeoirí den scoth a mhealladh ó gach cearn den domhain agus i ngach disciplín. Threisigh an rialtas go bhruil an aidhm seo níos tábhachtaí ná riamh de bharr Breatimeachta, a dhéanfaidh an tír amháin de labhairt Béarla san AE d’Éirinn.

Cé go bhfuil tallaine den scoth riachtanach chun iomaíochas idirnáisiúnta Cholaiste na Tríonóide a bhuanú, ní hamháin ar shár-thaighdeoirí a bhfuil aird á iarraidh. Ligeann cumas taighde Choláiste na Tríonóide dó féin dul in iomaíocht le príomh-ollscoileanna eile an domhain, mar a chonacthas le hiontráil ana hollscoile i gConradh Ollscoileanna Taighde na hEorpa (LERU), éacht a thabharfaidh clú domhanda agus cumas brústocaireachta don Cholaiste. Ach, bacfadh iarrachtaí tallaine idirnáisiúnta a mhealladh mura scaipfí na hiarrchtaí sin thar threo na dtaighdeoiri. Ináit é sin, ba cheart don rialtas tairbhe a bhaint as Breatimeacht i réimse leathan comhthéacsanna, agus mic léinn atá amhrasach faoi ollscoileanna na Breataine atá chun imeacht ón AE a mhealladh ina measc.

Gealladh do mhic léinn ionchasacha ollscoileanna na Ríochta Aontaithe do 2017 nach mbeidh athrú táillí dóibh, fiú má imeoidh an Ríocht Aontaithe ón AE le linn a dtréimhse staidéir. Ach, ní féidir na dearbhuithe sin a thairiscint do mhic léinn tar éis é sin a bheidh ag smaoineamh ar oideachas sa Bhreatain sna blianta atá amahc romhainn. B’fhéidir nach bhfeicfidh mic léinn ón mBreatin féin todhchaí diúltach ina gcóras oideachais féin agus b’fhéidir go meallfar iad do thír eile nach dteoranneofaí a gcumais oibre, sataidéir agus tasitil thar lear. D’institiúidí ardoideachais na hÉireann , ta sin mar deis iontach chun an folúntas sin a choimhlíonadh. Bheadh sár-thaighdeoirí in Éirinn tar éis na Breatimeachta mar mheán eile trína bheadh Coláiste na Tríonóide in ann é féin a mhargú do mhic léinn ardchaighdeánacha ar fud na hEorpa.

Ligfidh maoiniú a chionroinnt do mhealladh sár-thaighdeoirí d’Éirinn a traidisiún láidir taighde a chothú. Feabhsófar na hiarrachtaí dóchasacha sin go fiu níos mó, má chuirfear an béim chéanna ar mhic léinn.