Cé mhéad atá cloiste agat cheana féin?

Is cuma más cainteoir dúchais ó Chonamara tú atá ag déanamh staidéir ar eolaíochta, nó mac léinn na Nua-Ghaeilge ó Bhaile Átha Cliath, gcloisfidh tú mórchuid na n-abairtí seo am éigin.

 

1. “Wow, cén fáth go labhraíonn tú teanga atá marbh?”

 

 

*casacht*

 

2. “Ní bheadh a fhios agam gur Gaeilgeoir thú, le breathnú”

 

Sea, uaireanta bímid incognito... ach gabh mo leithscéal beidh mo gheansaí Árann agus caipín orm i gcónaí amach anseo. (Ach dairíre, is breá liom mo gheansaí Árann)

 

3. “An mbeidh tú i do mhúinteoir Gaeilge amach anseo?”

 

Níl aon rud mícheart le bheith i do mhúinteoir, ach tá rud éigin mícheart leis an gceist chéanna a chloisteál gach lá ar feadh trí bliana. B'fhéidir go will, b'fhéidir go won't!

 

4. ’Ach cén fáth nár roghnaigh tú Fraincis? Nó Gearmáinis?'

 

Cosúil le fíor-ghra, níl aon rogha againn.

 

5. “Is dócha go Sinn Féinner mór thú!”

 

Is dócha nach bhfuil a fhios agat nach ionann teanga agus polaitíocht i gcónaí!

 

6. “Is fuath liom an Ghaeilge toisc go raibh múinteoir lofa agam”

 

MmmHMM? Lean ort, tá mé ag éisteacht. Go géar.

 

7. “Tiocfaidh ár lá!”

 

Ok, tuigim go bhfuil tú ag déanamh iarrachta de shaghas éigin liom ach (iontas na n-iontas!) b'fhearr liomsa aon bhaint leis an IRA a sheachaint... 

 

8. “Ar bhuail tú riamh le mo chara Pól?... tá Gaeilge aige!”

 

Bhuel bhuel bhuel... nach mór an difríocht a dhéanann na trí fhocal sin. 'Tá. Gaeilge. Aige.' HAYYY BOI!! CCAB? 

 

9. “Cad a dhéanann sibh sa Chonradh?”

 

Ná inis dóibh riamh. Ár rún atá ann.

 

10. “Cad a dhéanann sibh ag an Oireachtas?”

 

 

Ditto.