Táimid théis Caoimhe Ní Chathail a roghnú mar Gaeilgeoir na Seachtaine as a cuid oibre agus díograise i réimse na Gaeilge agus sna meáin chumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Atha Cliath agus níos fairsinge!
Cé hí?
Mac Léinn de chuid Ollscoile Chathair Bhaile Atha Cliath a bhí mar Leas-Chathaoirleach agus PRO ar choiste an Chumann Gaelach agus a chraol dhá seó in aghaidh na seachtaine as Gaeilge - Music Mo Chairde agus Starróga na Seachtaine - ar DCUfm. An bhliain seo chugainn beidh sí mar Chathaoirleach ar an gCumann Gaelach agus beidh sí mar Leas-Bhainisteoir ar DCUfm.
Chomh maith leo sin, bhí sí mar eagarthóir na Gaeilge ag The College View agus bíonn clár ceol aici ar Raidió na Life.
 
Céard atá déanta aici?
Deir Caoimhe: “D’obair mé go díograiseach leis an Chumann Gaelach chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas DCU.  Bhí imeachtaí rathúla i mbliana againn a rinne normalú ar an Ghaeilge agus a rinne céiliúradh ar ár noidhreacht agus cultúr”  Rinneadh ath-bhrandáil ar an gCumann i mbliana agus d’éirigh leo “Most Promising Society a bhaint amach ag Gradaim na gCumann in DCU, a thug deis dóibh ionadaíocht a dhéanamh do DCU ag na BICS (Gradaim Náisiúnta na gCumann).  Chomh maith le sin bhuaigh siad “Cumann is fearr le níos lú ná 200 ball” ag Glór na nGael - an chéad uair don Chumann áit a bhaint amach ar an ngearrliosta sin.
 
D'éirigh lena dá seó ainmniúcháin a fháil ní hamháin ar son Hybrid (gradaim na meán in DCU) sa chatagóir “Radio Arts and Features”, mollta ag Rick O Shea, ach ag na Smedias chomh maith. “Bhain mé fein agus Barra Ó Scannláin an Smedia ar son Raidió trí Ghaeilge leis an seó Starróga na Seachtaine. Tá mé iontach bródúil as mar gheall gur iad raidió agus Gaeilge dá phaisean mór de mo chuid agus is seó é Starróga na Seachtaine a dhíríonn cuid mhór ar mo Ghaeilge dhúchais fein, Gaeilge Uladh. Éacht iontach a bhí ann dúinne mar bheirt Chonnalach an duais a bhaint,” a deir Caoimhe.
 
 
Cá féidir í a leanúint?
“Bím ag déánamh físeanna don chainéal YouTube trí Ghaeilge 'Tusa Tube' le mo chara Eadaoin. Tá cuid mhór ratha ag eascairt as YouTube na laethannta seo agus is bealach iontach é an Ghaeilge a chur chun cinn. Bíonn muid ag magadh thart don chuid is mó ar an chainéal ach tá agiarriadh go han-mhaith leis agus tá tionscnamh mór corraitheach ag teacht aníos againn gan mhoill!”  Bíonn a cuid físeáin ar fáil anseo: 
 
Bíonn sí le cloisteáil ar Raidió na Life chuile Déardaoin ar an Meagadh Beag:
Agus bíonn sí gníomhach ar Twitter chomh maith!
 
An manna aici:
“Bím i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn in achan rud a mbíonn idir láimhe agam agus í a choinneáil beo don chéad ghliún eile!”