Tá TADGH, amhránaí ó Bhaile Átha Cliath ainmnithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo as ucht a chuid ratha i réimse an cheoil agus na scríbhneoireachta.
Is as Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath do THADGH (nó Shane Ó Nualláin sa bhaile) agus tá sé gafa leis an gceol. Is breá leis amhráin nua a chumadh agus a sheinnt ar a ghiotár. Bhí seanathair le Thadhg, Ted O’Callaghan mar amhránaí sa Chór Guinness agus bhí a mháthair mar amhránaí freisin agus í ag freastail ar scoil. Dar le TADGH go raibh “seans an-ard go mbeadh [é] féin agus [a] dheartháir agus dheirfúireacha tógtha leis an gceoil” de bharr an tsuim a thaispeáin a ghaoil san amhránaíocht. Mar a deir an seanfhocal “Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú?”. 
 
Thosaigh TADGH ag freastail ar ranganna ghiotáir agus é ceithre bliana déag d’aois. Mhúin cara le athair THADGH an giotár dó, agus go gairid ina dhiaidh deir sé gur thosaigh sé ag scríobh “amhráin Rac le hainmneacha an-simplí ar nós ‘Rock & Roll’ agus rudaí mar sin”. Thug TADGH faoi dhearadh go raibh sé an éasca dó amhráin a chumadh, ba léir go raibh bua an cheoil aige agus ba ansin ar “thosaigh [sé] á dhéanamh gach lá”.
 
D’fhreastal TADGH ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an meán leibheál. D’fhreastail sé ar Ghaelscoil Naomh Pádraig agus Coláiste Cois Life i Leamhcán, agus deir sé fiú go bhfuil céim sa cheol bainte amach aige ó BIMM tá grá aige don Ghaeilge fós. “Beidh amhrán Gaeilge de chuid THAIDGH ar bharr na gcairteacha go luath” a deir sé, chuala sibh anseo ar dtús é!
 
Tar éis do THADGH teacht ar an bhfód ag tús 2015, tá an-chuid ratha bainte amach aige. Tá go leor ceolchoirm déanta aige freisin, ach deir sé gurb é a chéad uair ar an seó teilifíse ‘Saturday Night with Miriam’ coicíse ó shin. Bhí sé BEO ar RTÉ a haon agus deir TADGH gur bhain sé an-taitnimh as:
 
“Sheinn mé mo chéad singil, ‘Bad Move’ chun deireadh a chur leis an tseó. Bhí an-chraic agam agus bhuail mé le hamhránaí iontach ó Shasana darbh ainm Calum Scott. Tá ag éirí go hiontach lena amhráin ‘Dancing on My Own’ sna cairteacha”.
 
Tá gach rud i shaol THAIDGH ag tabhairt ionsporáid dó agus is léir gur fiú an modh cruthaitheach toisc go bhfuil slí bheatha THAIDGH ag dul ó neart go neart le déanaí! Beidh a chéad singil ‘Bad Move’ (a bhí le cloisteáil ar ‘Saturday Night With Miriam’) á sheoladh go hoifigiúil an Satharn seo chugainn, an 6ú lá i mBear Whelan’s i lár na cathrach óna hocht a chlog ar aghaidh.
 
Tá ticéid ar fáil ar líne ag www.Whelanslive.com nó ar an doras, costas €5 atá i gceist. D’fhéadfadh scéal THAIDGH a leanacht ar www.tadghofficial.com nó ar Soundcloud ag https://soundcloud.com/tadghofficial.
 
“Le déanaí, ceapaim go bhfuil gach rud curtha le chéile chun ionsporáid ollmhór a thabhairt dom” – TADGH