Déanann Ali Spillane cur síos ar an scannán nua faoi Jackie Kennedy, 'Jackie'.
Ainmniúchán eile don phríomhaisteoir ag na Academy Awards í Natalie Portman mar 'Jackie'.
 
Tar éis mo chuairt chuig an phictiúrlann inné, ceapaim go bhfuil an duais sin tuilte go huile is go hiomlán aici. Tá sár-jab déanta ag Portman ina ról mar Chéad-Bhean na Stát Aontaithe. Óna guth agus tuin go dtí a comharthaíocht choirp, tá caighdeán aisteoireachta iontach bainte amach aici. Is beag difear idir na radhairc le Portman mar 'Jackie' agus na sean físeáin den Chéad-Bhean féin atá fite fuaite leis an scannán ón tús.
 
Is scéal tragóideach mothúchánach é. Cabhraíonn an scór agus an ceol go mór chun an trína chéile agus crá croí a chur in iúl dúinn. Uaireanta baintear úsáíd as an gceollfhoireann iomlán, uaireanta eile as uirlis amháin ina aonair. Is í Mica Levi an cumadóir freagrach as an gné sin den scannán.
 
Insítear an scéal faoin feallmharú JFK trí shúile a bhaintreach, Jackie. Déantar cur síos géar ar eachtraí an lae agus na laethanta díreach tar éis a báis. Faightear léargas cuimsitheach ar phearsantacht Jackie agus a cuid smaointe agus mothúcháin. Cruthaítear gaol agus ceangal idir an Cead-Bhean agus an lucht féachana tríd síos. Is beag duine nach mhothaíonn truamhéalach di roimh deireadh an scannáin. I mo thuairimse, treisíonn an léargas ar an gcaidreamh idir í féin agus a beirt páistí, an trua sin.
 
Dom féin, is é deireadh an scannáin an buaicphointe. Is é na 20 nóiméad deirneach nó mar sin, na cinn is fearr sa scannán iontach ar fad. Is cómhra idir Jackie agus an sagart atá i gceist ina phléann siad ceisteanna móra an tsaoil. Agus mé i mo luí sa leaba aréir bhí mé fós ag smaoineamh ar an gcómhra sin ag déanamh mo dhícheall smaoineamh ar gach uile abairt.
 
Ar an iomlán is scannán álainn é. Mholfainn do gach duine é a fheiceáil sa phictiúrlann, is fiú é.