Foghlaim na teanga - gan leabhar ar bith!
Faoin am seo, tá na béaltrialacha thart - nó seans go bhfuil siad ag teacht go luath más san Ollscoil atá tú.  Faraor, tá na scrúduithe fós le déanamh, agus bíonn sé deacair bheith tiomanta nuair atá an oiread sin staidéar le déanamh - go háirithe agus an ghrian ag taitneamh lasmuigh mar atá sí!
 
Ach ná bíodh imní oraibh - táimid théis na hacmhainní is fearr linn ar an idirlíon a thiomsú le foghlaim na Gaeilge agus bhur gcuid oibre a éascú agus sibh i mbun staidéar don Ardteist, nó díreach ag iarraidh sos a bheith agaibh ó na leabhair!
 
Gaelgory
Ceol, greann agus gramadach, le T-Rex Ó Saurus
 
GTVM - Gaeilge TV, Maigh Nuad le Cuallacht na Gaeilge
Idir cheol, cheachtanna agus spraoi le muintir na Cuallachta in Ollscoil Mhá Nuad.  Is breá liom fhéin an leagan de “Just Hold On We’re Going Home” as Gaeilge atá déanta acu!
 
NÓS
Scéalta cultúrtha, ceoil, nuachta, imeachtaí agus taistil - is breá linn an dearadh atá ar an suíomh chomh maith!
 
Clisare
Seans láidir go bhfuil aithne agaibh ar Chlisare, ach an bhfuil a cuid físeáin as Gaeilge feicthe agaibh?! Tá na físeáin as Gaeilge as faoin nGaeilge ar fad ar fáil anseo:
Ach molaimse an ceann seo; Frásaí Game of Thrones as Gaeilge!
 
Sion Ní Ghré
Suim agat i gcúrsaí stíle agus faisin?! Seo blag álainn go hiomlán as Gaeilge duit!


 
Tuairisc.ie
Is sárnuachtáin náisiúnta as Gaeilge é Tuairisc, ach tá achmhainní foghlama agus scéalta d’fhoghlaimeoirí acu chomh maith:

 
Coláiste Lurgan
Is minic a chloistear gurb é an ceol ceann de na bealaí is fearr teanga a fhoghlaim, agus sin go díreach a bhíonn ar siúl ag Coláiste Lurgan - tá na hamhráin ar fad is fearr leat ar fáil ar a gcainéal YouTube:
 

 
Gaelphop
Agus tá amhlaidh á dhéanamh ag Gaelphop anois - níl aon ghá fanacht don samhradh agus na cúrsaí Gaeltachta le ceol úrnua as Gaeilge a chloisteáil!
 
 
Natalia Danzmann 
Bíonn Natalia i mbun amhránaíochta chomh maith - chuile shórt idir Frozen agus Mulan as Gaeilge agus amhráin ar an sean-nós. Níos suimiúla fós áfach, is foghlaimeoir Gaeilge ón mBrasaíl í Natalia agus seo cúpla leid atá aici maidir le teangacha nua a fhoghlaim:
 
 
TusaTube
Turais, ceol, craic agus caint as Gaeilge, tá réimse fairsing d’ábhar agus spraoi le fáil ar an gcainéal seo - agus T-Rex arís mar aoi speisialta sa mhír is déanaí atá taifeadta acu!