Déanann Ali Spillane cur síos ag na heachtraí is fearr a bheith ar súil i mbliana mar chuid de Seachtain na Gaeilge.
Le hambasadóirí iontacha cosúil le Miriam O’ Callaghan, Art Parkinson agus Mícheál Ó Ciaraidh, is cosúil go mbeidh Seachtain na Gaeilge den chéad scoth i mbliana. Urraithe ag Energia, is é an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain. Mar is ghnáth, beidh sé ar siúl idir an 1 agus 17ú lá Márta. Tá na céadta imeachtaí cláraithe don choicís.
 
5 imeachtaí le linn na féile
 
  1. Beidh turas Páirc an Chrócaigh as Gaeilge ar an 12ú Márta. Tá spásanna teoranta air. Is féidir ticéidí a fháil ar an suíomh idirlíne ar leathphraghas.
  2. Freisin, beidh turas i Reilig Glas Naíon as Gaeilge ar siúl le linn na féile. Má tá suim agat i stair na hÉireann, b’fhiú go mór é.
  3. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl in Club Chonradh na Gaeilge. Tá an Club le hathoscailt le linn SnaG comh maith. Má tá spéis agat imeacht a eagrú sa chlub, is féidir dul i dteagmháil le runaí an chlub ag runai@anclub.ie
  4. Beidh Lá Teaghlaigh Sheachtain na Gaeilge ar siúl ar Fhaiche Stiabhna. Beidh imeachtaí don chlann ar fada agus beidh Seo Linn ag casadh ann comh maith.
  5. Imeacht an-spéisiúl ar bhun ag mic léinn UCD. Gaelbreak an t-ainm atá air. Caithfear dul ó BÁC go dtí Gaeltacht éigin, gan Béarla agus gan airgead ar bith.

 

Tá aip na féile le híoslódáil saor in aisce ó Google Play agus an App Store anois. Is féidir coinneáil ar an eolas nó imeachtaí i do cheantar féin a reachtáil go héasca. Seoltar níos mó ocáidí gach lá ní hamháin i mBÁC, nó in Éirinn fiú, ach i chuile cearn den domhan.