Molann Ali Spillane na bealaí is fearr chun rúin don bhlian nua a chóimeád suas.
Agus mí Eanair ag druidim chun deireadh, ar éirigh leat do chuid rúin don Athbhliain a choimeád? An ndearna tú rún ar bith sa chéad áit? Bhuel níl sé ró-dhéanach tosú anois nó ath-tosú mar theip ort go dtí seo.
 
I gcás go leor mic léinn, bíonn scrúdaithe nó tascanna le déanamh tar éis an Nollag nó bíonn tú fós sa bhaile roimh filleadh ar an Ollscoil don dara seimeastar agus ní bhíonn fonn ort aon rud radacach a dhéanamh agus tú fós ‘ar saoire.’ Faraor, bíonn orainne filleadh ar ais ar an ghnáthshaol anois.
 
B’fhéidir go mbíonn eagla ort roimh coincheap ‘Dry January’. Ach tá go leor bealaí eile gur féidir leat athruithe beaga a dhéanamh don bhliain nua. Cúpla smaointe ná;
 
Siúil ar choláiste, in áit an bus nó an carr a thógáil. Tá an t-Earrach beagnach linn. Beidh an aimsir níos fearr. Is dea-nós é, aer úr a fháil sa maidin agus aclaíocht a dhéanamh ag an am céanna.
Má tá sé ar intinn agat iarracht níos fearr a dhéanamh bia folláin a ite, in áit bia beir leat a cheannach gach seachtain, déan do bhéile féin. Má tá tú i do chónaí le cúpla cara, déan plean béile an duine a ullmhú sa tseachtain. Comh maith lena buntáistí don shláinte, beidh sé níos saoire. Cuir an t-airgead a shábhálann tú áit éigean agus ag deireadh an tseimeastar, beidh tú in ann é a chaitheamh ar rud éigean deas don samhradh.
 
Is rud mór é éirí as tobac má chaitheann tú go rialta é. Déan iarracht níos lú a chaitheamh sa lá. Nó má caiteoir ócáideach nó sóisialta tú, déan do dhícheall gan tóitíní a cheannach gach uile oíche a théann tú amach. Is nós costasach é, gan trácht ar casachtach tobac agus neart míbhuntáistí sláintiúla eile a théann leis an droch-nós seo.
 
Má dhéanann tú iarracht athrú mór-millteach a dhéanamh ar do shaol, beidh sé iontach deacair é a choinneáil go fadtéarmach. Mar sin tá sé níos éifeachtach athruithe beaga a dhéanamh i ndiadh a chéile. Deirtear go tógann sé 21 lá nós a chruthú nó a scriosadh. Más fíor é, caith 3 seachtain leanúnach ag díriú ar do chuid aidhmeanna roimh an chéad athrú eile a chur san áireamh.
Tá sé i bhfad níos éasca rún a choimeád má tá sprioc ar intinn agat. An bhfuil tú ag dul ar J1 nó ar laethanta saoire le linn an tsamhraidh? An bhfuil ocáid mór i d’fhéilire don bhlian? Beidh tú uaillmhianach agus dírithe ar an sprioc má tá ceann sprice i d’aigne.
 
Freisin, ní bhíonn sé comh deacair má tá tú ag déanamh na hathruithe le duine eile – cara nó deirfiúr/deartháir nó do chailín/bhuachaill. Beidh níos mó spraoi ann agus sibh ag déanamh é le chéile. Beidh tacaíocht ar fáil nuair atá tú ag streachailt.
 
Uaireanta, is é an rud is deacra ná chun tús a chur leis. Scríobh dáta síos, de ghnáth roghnaítear an Luan, mar tús na seachtaine, agus déan é. Má theipeann ort, ná cuir ar leataobh é, déan iarracht arís, agus arís, agus arís eile, go dtí go éiríonn leat. B’fhiú é.
 
Go n-éirí an t-ádh leat.