Ag teastáil níos mó ordú i do shaol? Tugann Ali Spillane mholadh dúinn chun glantachán earraigh a dhéanamh.
Agus an t-Earrach buailte linn agus tús curtha le Carghas, níl am níos fearr glantachán earraigh a dhéanamh ar do shaol.
 
Seo cúpla nod daoibh do shaol a eagrú agus díthocsainiú a dhéanamh. Uaireanta bímid comh gnóthach leis ár saolta nach mbíonn seans againn ár gcuid cursaí a bheith in eagar agus mar thoradh comh bisiúil mar is cheart.
 
1. Glan amach do seomra.
 
Is tús iontach é seomra glan a bheith agat. Uair sa tseachtain nó fiú gach coicís déan iarracht do seomra a ghlanadh. Má dhéanann tú go rialta é, ní jab mór é. De ghnáth bíonn an oiread sin bruascar agus ábhair randamacha ann go mbíonn cuma salach air. Tar éis oíche amach, idir an ullmhúchán agus an deireadh bíonn mo seomra ina phraiseach agus cuid mhaith den am fanann sé mar sin ar feadh lá nó dhó. Má tá seomra glan eagraithe agat, beidh tú i ndea-ghiúmar.
 
2. Glan amach do vardús.
 
Déan é. Ná caith seachtain ag smaoineamh faoi agus é ar an méar fada. Tóg cúpla uair sa lá, b’fhéidir sa maidin, agus déan é. Bí réidh le triail a bhaint as gach rud mar beidh go leor éadaí ann a bhfuil dearmad déanta agat go bhfuil siad ann fiú. Ach is maith an rud é sin mar beidh outfit nó dhó nua agat ar deireadh. Cuireann sé iontas orm an méid éadaí a bhíonn agam i gconaí nuair a bhíonn glantachán earraigh á dhéanamh agam ar mo vardrús féin.
 
3. Faigh dialann.
 
Chun do cheann a ghlanadh amach agus do chuid smaointe a choimeád in ord is in eagar is maith an rud é dialann a bheith agat. Idir tascanna ollscoile, obair agus do shaol sóisialta bíonn saol gnóthach ag mic léinn agus déanann dialann an saol i bhfad níos éasca. Is cosúil le glantachán earraigh don intinn a dhéanamh.
 
4. Ceannaigh boscaí agus fillteáin.
 
Chun do chuid rudaí a choinneáil go deas néata bíonn boscaí agus fillteáin éifeachtach. Bíonn na céadta bileoga agat nach bhfuil tú ag iarraidh caitheamh amach ar heagla go mbeadh sé úsáideach lá éigin, ach atá caite sa chúinne le fada. Le fillteán, tá cuma néata eagraithe orthu agus bíonn sé níos éasca teacht ar cheann áirithe nuair atá sé uait. Is féidir boscaí a fháil nach bhfuil costascach. Má tá rudaí randamacha ag luí timpeall do seomra cuir i mboscaí iad agus beidh ionadh ort an méid spás a bheidh agat chun níos mó imeachtaí a dhéanamh i do seomra.
 
5. Agus tú ag déanamh do ghlantachán earraigh déan i gceart é, faigh an scuab nó an húvar agus glan ó bhun go barr é.
 
Ó mo thaithí féin bím drogallach é i gcónaí mo sheomra san Ollscoil a ghlandh mar is cheart. Bíonn sé de dhíth go dona nuair a déanaim é. Ach má dhéanann tú go rialta é ní thógann sé mórán ama agus bím cuma deas air.
 
Ná cur nóiméad níos mó amú, tosú anois agus beidh seomra, aigne agus saol deas néata eagraithe agat go luath. Is fiú go mór é gan dabht.