Pléann Ali Spillane an áit a thogann Gaeilge ina saol féin agus cé chomh tábhachtach is atá sí.
An Luan seo caite, d’freastal mé ar RTÉ chun bheith mar chuid den lucht féachana ag 'Claire Byrne Live'. An Ghaeilge mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais agus todhchaí na teanga a bhí á phlé ann.
 
Comhrá anamúil a bhí i gceist. Ach chuir roinnt sonraí faoin bplé isteach go mór orm. Ar an gcéad dul síos mar is ghnáth bhí ‘An Ghaeilge mar fhadhb seachas dea-rud’ a bhí mar bhunús ar an gcaint. Bhí meon diúltach éadóchasach le brath sa chaoi a chuaigh siad i ngleic leis an t-ábhar.
 
Ó mo thaithí féin ag staidéar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach, b’fhiú go mór é. Ní rugadh nó tógadh mé leis an teanga dúchais. Níor fhreastal mé ar bhunscoil nó ar mheánscoil Ghaeilge. Nuair a bhí mé i mo pháiste agus fiú i mo dhéagóir, ní raibh mé ró-tógtha leis an ábhar. Rinne mé é cosúil le gach aon ábhair eile bhí á dhéanamh agam. Níor chuir sé isteach nó amach ar mo shaol mórán. Seans nach raibh an grá atá agam anois don Ghaeilge agam agus mé níos óige, nó seans nár aithin mé an grá agus paisean a bhí agam di.
 
Ach anois ní féidir liom smaoineamh ar mo shaol gan an teanga. D’fhás mo ghrá don teanga de réir a chéile. Agus mé ag fás agus ag forbairt agus ag foghlaim d’fhás mo mheas don Ghaeilge. Anois agus mé ar an Ollscoil, tá an Ghaeilge mar chuid lánach den shaol. Gach seans nach mbeadh sé fíor muna raibh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach agus mé ar scoil.
 
Muna bhfuil an Ghaeilge mar ábhar riachtanach, cailltear amach ar chuid mhór den chéad glúin eile de Ghaelgeoirí na tíre. Nuair atá tú i pháiste níl an dara chlú agat na hábhair ina bhfuil suim agat. Mar sin b’iad na páistí a bheadh ag déanamh an Ghaeilge ná na daoine le tuismitheoirí a bhfuil suim acu ann. Mar thoradh, cuirfí an bhéim ar ais ar na ceantair Gaeltachta arís, áit ina bhfuil suim cheanna sa Ghaeilge. Ba mhór an míbhuntáiste é toisc go bhfuil dul chun cinn iontach déanta le blianta anuas.
 
Tá athbheochan láidir ar siúl faoi láthair sna cathracha ach go háirithe. Conas is féidir díospóireacht chomh diúltach sin bheith ar ais sna meáin inniu agus an oiread sin dul chun cinn déanta.
 
Tuigim nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar sa chóras oideachais foirfe. Tá neart fadhbanna ag baint leis. Ach tá réiteach ann. Is féidir stíl an múineadh (agus caighdeán an mhúineadh) a athrú. Nuair a bhí fadhbanna ag baint leis an Matamatice sa chóras oideachais, rinneadh athrú mór millteach air chun tionscadal nua darb ainm 'Project Maths' a chruthú. Ach tá an t-athrú sin tosaithe cheana. An chuid is mó de na daoine a bhíonn i gcoinne an Ghaeilge, is daoine meanaoise iad, daoine a bhí mar chuid den sheanchóras, daoine le cuimhne ar Peig Sayers agus na leithéidí. Cinnte go bhfuil níos mó fós le déanamh.
 
Tá sé ráite arís agus arís eile ach tuigim anois gur chuid tábhachtach den chultúr agus den sochaí í ár dteanga dúchais. Do na daoine nach chreideann é sin, freastal ar Pop-up Gaeltacht nó ar choláiste samhraidh, agus seans go athróidh tú do chuid tuairimí faoi.
 
Tá an Ghaeilge ag athrú, tá sé ag dul ó neart go neart, in ainneoin laghdú ag teacht ar líon na gcainteoirí sna ceantair Gaeltachta. Ach ní drochrud é. Má dhéanfar cinneadh an Ghaeilge a bheith mar ábhar roghnach ní dhéanfar maitheas ar bith don teanga.
 
Seachas sin, bhí oíche den scoth againn ag an seó. Ba chlár iontach é. Bhí tuairimí iontacha á roinnt ag go leor daoine don dá taobh den argóint.