I rith na seachtaine, tháinig sé chun solais go raibh Vincent Browne, láithreoir de chuid TV3 ag foghlaim na Gaeilge.
Ag seachtó dó bhliain d’aois cruthaíonn Vincent gur féidir an teanga a fhoghlaim, ba chuma cén aois atá an foghlaimeoir. Is mar gheall ar an dea-shampla seo atá Vincent Browne roghnaithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo. 
 
D’fhreastail Browne ar chúrsa Gaeilge i gCorca Dhuibhne i rith an tsamhraidh seo agus labhair sé faoi nuair a chuir sé fáilte roimh Catherine Ní Chonghaile, TD as Gaillimh Thiar  go dtí clár oíche Dé Céadaoin. 
 
Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste
Bhí na cúpla focal le cloisteáil ó Vincent agus é ag gabháil buíochas le Catherine as ucht a cuid tacaíochta. Mar Ghaeilgeoir í féin, is léir gur aithin TD Ní Chongaile an tábhacht a bhain le duine ar nós Vincent Browne a bheith do mholadh na Gaeilge.
 
Inspioráid 
Taispeánann scéal Vincent Browne nach bhfuil an Ghaeilge dírithe air mhic léinn, ar Ghaeilgeoirí líofa nó ar daoine óga amháin. Is teanga na tíre í agus tá sí ann d’éinne atá an fonn orthu í a labhairt. Fiú mura bhfuil ach cúpla focal agat, bainigí úsáid astu agus ná chuir chuid dár n-oidhreacht amú.
 
Mhair an cúrsa a d’fhreastail Vincent air ar feadh seachtaine, agus bhí sé á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne thíos i gCiarraí. Má tá suim agatsa ann, beidh cúrsa eile ar siúl an mhí seo chugainn ar feadh deireadh seachtaine amháin dar teideal ‘Gaeilge, Siúlóidí aguss Blaiseadh Bia’. Is féidir tuilleadh eolais a fháil air www.oidhreacht.ie