Tá cáil bainte amach ag Clíona Ní Chiosáin mar aisteoir agus craoltóir den scoth, a bhíonn ag obair go dian dícheallach ar son na Gaeilge chun í a chur chun cinn.
Thosaigh sí amach ar an seó ‘Aifric’ ar TG4, ach inniu tá sí ag obair i dtreo na máistreachta gairmiúla sa bhunoideachas. Is léir go bhfuil Clíona an-tógtha leis an teanga agus go bhfuil sé mar aidhm aici í a roinnt le hóige na tíre seo. Is mar gheall ar an bpaisean seo atá Clíona Ní Chiosáin ainmnithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo. 
 
Mol an óige agus tiocfaidh sí
Bhí Clíona tógtha le Gaeilge. Ba as Oileán Árainn Mhór dá máthair agus as Bhaile Átha Cliath dá hathair. Gaeilgeoirí a bhí ina tuismitheoirí agus shocraigh siad Clíona agus a deirfiúr a thógáil le Gaeilge. D’fhreastail sí ar Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin, agus ar an meánscoil i Maigh Nuad. Bhí Gaeilge álainn, líofa ag Clíona faoin am ar shroich sí an Ardteist. Tar éis di an meánscoil a fhágáil thosaigh Clíona ag obair leis an nGaeilge, ní d’aon gnó ach “mar go raibh sé nádúrtha [di]”. 
 
Aifric
Thosaigh ‘Aifric’ a bheith á craoladh ar TG4 sa bhliain 2006. Seó comhaimseartha a bhí ann, a ndearna cur i láthair ar shaol an duine óg, trí mheán na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Chuaigh an seó i ngleic le fadhbanna an taos óg, ar nós coimhlintí grá, bulaíocht agus cairdeas. 
 
Bhí deis ann ag déagóirí Gaeilge a fhoghlaim ar bhealach nua-aimseartha, in ionad a bheith srianta le ‘Cáca Milis’ agus ‘Yu Ming Is Ainm Dom’ amháin.
 
Deir Clíona gur chabhraigh an seó le “híomhá na Gaeilge” toisc gur ghnáth dhéagóir a bhí in Aifric. De bharr seo bhí an Ghaeilge inghlactha mar teanga cumarsáide eile ar nós an Bhéarla in ionad ábhar scoile.
 
Tá Clíona den tuairim gur cheart tuilleadh béime a leagadh ar labhairt na teanga (“cén mhaith atá ann teanga a fhoghlaim murar féidir í a chur in oiriúint leis an gnáthshaol?”) mar aon leis an, “litríocht a choimeád mar chuid den chúrsa mar is cuid de stair na teanga atá inti, agus croí ár gcultúr”.
 
Inniu agus Amárach
Faoi láthair tá Clíona ag freastal ar Choláiste Froebel in Ollscoil Mhá Nuad ag déanamh máistreacht ghairmiúil sa bhunoideachas. Beidh an chéim á bhaint amach aici an bhliain seo chugainn. Tá clár nua do pháistí aici freisin dar teideal “How to do everything” a mbeidh ar ár dteilifíseáin an fómhar seo.
 
Deir sí gur chuma léi craoladh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla ach, “is breá [léi] a bheith in ann an bheirt a mheascadh más féidir”.
 
Buntáistí na teanga
Tuigeann Clíona gur bhuntáiste ollmhór í an Ghaeilge di ina shaol. Deir sí gur sampla atá inti den “méad is féidir a dhéanamh má tá teangacha agat”. Tá an lámh in uachtar ag an nGaeilge thar an ghnó dar le Clíona, “Bíonn an gheilleagair ag luainiú, tá teangacha seasmhach”.
 
Cleachtadh a dhéanann máistreacht 
Agus cén comhairle atá ag Clíona dóibh sin atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge?
 
“Má tá daoine ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, is fiú a bheith ag breathnú ar TG4 nó ag éisteacht le RnaG, Raidió na Life srl. Tá sé tábhachtach an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid. Chomh maith leis sin, is féidir ciorcail comhrá a aimsiú i do cheantar. Níl aon bhealach níos fearr feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Cleachtadh a dhéanann máistreacht.”
 
Is féidir leanúint ar Chlíona ar Twitter ag @ClionaNiC.