Ar mhaith leat do pháistí a bheith i nGaelscoil éigin? Pléann Ali Spillane an ceist conspóideach faoin Gaelscoileanna.
Le déanaí, tá ceist na Gaelscoileanna á phlé sna meáin. An cheist atá ann ná an cheart go mbeadh gach bunscoil sa tír mar Ghaelscoil.
 
Ba cheart nach mbeadh ós rud nach oireann an stíl oideachais sin do gach páiste agus ní bhíonn Gaeilge ag go leor tuismitheoirí in Éirinn chomh maith agus mar sin, cruthófar neart deacrachtaí. Ach ní hé le rá nach bhfuil tábhacht ag baint le córas na Gaelscoileanna in Éirinn. Agus i mo thuairimse, ba cheart go mbeadh Gaelscoil ar fáil i ngach uile ceantar le déanamh cinnte go bhfuil an rogha sin ag gach clann agus iad ag roghnú scoileanna. Agus is cinnte go bhfuil níos mó Gaelscoileanna á tógáil timpeall na tíre le cúpla bliain anuas agus iad ag dul ó neart go neart.
 
I mo cheantar féin mar shampla tá Gaelscoil ann. Ní osclaíodh é ach timpeall 20 bhliain ó shin. Ar dtús, ní raibh inti ach cúpla foirgneamh réamhdhéanta i bpáirc in aice leis an phictiúrlann. Anois tar éis beagnach dhá scór bliain ag bogadh ó suíomh go suíomh, tá scoil nua-aimseartha álainn faighte acu ar imeall an bhaile in aice leis na bunscoileanna áitiúla eile. Nuair a tosíodh ní raibh ach cúpla dalta i ngach rang anois agus é ag fás ag ráta do-chreidte bíonn an tóir air agus bíonn orthu dhá rang nua a chruthú gach bliain.
 
Bíonn an treocht sin le feiceáil timpeall na tíre agus mar throadh tá agus beidh Gaelcholáistí nó iarbhunscoileanna Gaeilge de dhíth amach anseo chun freastal ar an dream seo atá ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an oideachas trí Ghaeilge agus na scrúdaithe stáit a dhéanamh ina dteanga dhúchais.
 
Ach nílim den tuairim gur choincheap seafóideach amach is amach é an ceann seo faoi gach scoil a bheith ina Gaelscoil. I mo thuairimse tá caighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna Béarla lag go leor den chuid is mó. Ní leagtar mórán béime ar an ábhar i gcuid mhór scoileanna. Dar liomsa ba cheart go mbeadh gach bunscoil mar leath Gaelscoil. Sin le rá nach mbeadh an Ghaeilge mar mheán foghlama do gach ábhar scoile ach go leagfaí béim mhór ar an teanga sna ranganna agus timpeall na scoile agus go mbeadh an teanga mar chuid lárnach den scoil.
 
Chun é sin a chur i gcrích go éifeachtach agus go rathúil, bheadh orthu ranganna Gaeilge a chur ar fáil do na tuismitheoirí freisin. Is é an fáth nach bhfuil suim ag páistí sa teanga uaireanta ná nach bhfuil suim dá laghad ag a tuismitheoirí sa bhaile agus ní bhíonn siad in ann cabhrú leis an obair bhaile nó suim a bpáistí a spreagadh insan ábhar.
 
Go praiticiúil ciallaíonn sé sin, go mbeadh ar na múinteoirí bheith líofa sa teanga. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó béim curtha ar an nGaeilge i rith na céime bunscoilíochta. Agus go mbeadh scrúdú áirithe ann le déanamh cinnte go bhfuil caighdeán áirithe ag gach múinteoir. I mo thuairimse is é sin bun na faidhbe maidir le droch-chaigdeán na Gaeilge sna scoileanna Béarla.
 
B’álainn an rud é dá mbeadh caighdeán réasúnta maith Gaeilge ag gach dalta agus iad ag fágáil na bunscoile. Déanfaí an saol i bhfad níos éasa agus iad sa mheánscoil agus bheadh níos mó meas acu ar an dteanga i gcoitinne.
 
Tuigim na daoine nach aontaíonn leis an rún go mbeadh gach bunscoil mar Gaelscoil ach ceapaim go mbeadh leath-Gaelscoil mar chomhghéill deas don dá taobh den díospóireacht.