Tugann Ali Spillana léirmheas dúinn faoin leagan nua 'Beauty and the Beast'
Tá an síscéal cáiliúil ar ais ar an scannán mór le déanaí agus Emma Watson sa ról lárnach ann. Cé go bhfuil an scéal céanna le hinsint ann, is athchóiriú den chéad scoth é.
 
Bill Condon atá mar stiúrthóir agus sár-jab déanta aige. Tá an sean scéal tógtha díreach chuig an 21ú haois ach ní imíonn sé i bhfad ón traidisiún nó ón fhírinne. Is mór an buntáiste é sin, i mo thuairimse. Uaireanta tógtar sean scéalta agus déanann siad jab uafásach ag iarraidh cruth nua-aimseartha a chur air. Ach tá an meas atá ag Condon ar an mbunscannán le feiceáil go soiléir tríd síos.
 
Insítear scéal faoi chailín óg atá ina cónaí i mbaile beag traidisiúnta lena hathar atá mar bhaintreach. Tá grá mór eatarthu. Is é Gaston an fear is dathúla go haitiúil, dar leis féin ar aon nós, fiú muna bhfuil inchinn comh iontach aige, agus tá sé i gceist aige Belle a phósadh (cé nach bhfuil sí ar aon intinn leis). Lá amháin téann athair Belle chuig mhargadh ina aonar ach éiríonn sé caillte sa choill. Tagann sé ar chaisleán mór millteach ann – teach an Beast agus tógann an Beast é mar príosúnaí. Tógann Belle a áit mar chime chun é a scaoileadh saor. Nuair a chloiseann Gaston an méid atá tar éis tarlú, téann sé chun an Beast a mharú, Belle a shábháil, agus chun a bheith mar laochra. Ach fad is atá Belle gafa sa chaisleán, le cabhair ón troscán cainteach, titeann sí i ngrá leis an Beast. Ach tá an Beast (agus an troscán) faoi gheasa. Má titeann an peiteal deirneach as an mbláth roimh grá a taispeáint ag an Beast beidh siad gafa mar atá siad go deo – an Beast mar Beast in áit an phrionsa a bhí sé tráth agus an troscán mar troscán, ní mar dhaoine mar a bhí siad.
 
Dar liomsa, is é an bua is mó ag an scannán úr seo ná Emma Watson. Tá sí foirfe don ról mar Belle ann. Tá caighdeán na haisteoireachta iontach agus tá guth álainn aici freisin. Tá an cuma fisiciúil uirthi oiriúnach don charactar fiú. Éiríonn go hiontach léi an caidreamh idir í féin agus a hathair a chur in iúl. Anuas ar sin, éiríonn léi an fás agus forbairt sa grá idir í féin agus an Beast (Dan Stevens) a chur os comhair an lucht féachana i mbealach mealltach tarraingteach.
 
Bua eile leis ná an ceol. Tá na hamhráin sa scannán iontach ar aon nós. Ó d’fhág mé an phictiúrlann i ndiaidh an scannáin táim ag éisteacht fuaimrian arís agus arís eile. Tá stíl draíochtúil geintlí ar an gceol. I measc na hamhráin is fearr ann tá Belle, Gaston, Days in the Son agus ar ndóigh, Beauty and the Beast. Cuireann scoth na hamhráin go mór le rath an scannáin.
 
Tarraing an scannán croí an lucht féachana. Ach tá an greann le feiceáil tríd síos comh maith. Tá cothromaíocht álainn faighte idir an taobh éadrom agus an taobh tromchúiseach den scéal, rud a thaitin go mór liom mar stíl scannánaíochta. Tá an scannán oiriúnach do chuile dhuine idir óg agus aosta. Bhain mé an taitneamh as agus bheinn lán sásta freastal air arís. Beidh tú ag canadh agus ag caoineadh, ag gáire agus ag gol. Ach is cinnte nach mbeidh díoma ort agus tú ag fágáil na pictiúrlainne.