I do chonaí i mBaile Átha Cliath ach ní fhaca tú aon rud sa chathair go fóill? Tugann Ali Spillane na áiteanna is fearr chun dul mar thaiscéalaí áitiúla.
Nach mór an trua é go gcaitheann an t-uafás mac léinn trí nó ceithre bliain ag stáidéar i gcathair éigin, ag cur futhu as bhaile don chéad uair ach go mbíonn siad fós mar eachtrannach ann faoi dheireadh na céime.
 
Tuigim cé comh héasca is atá sé. Bhí mé mar an gcéanna anuraidh. Bhog mé go BhÁC, bhí mé ag cur fúm sa lóistín ar an gcampus, bhí mé ag filleadh abhaile gach deireadh seachtaine (ar dtús ar aon nós). Ba bheag uair a d’fhág mé an campus i rith na seachtaine, i ndáiríre. Thuig mé conas an bus, uimhir 4, 9, 11 nó 13 a thógáil idir Sráid Uí Chónaill agus DCU. Ba sa teacsaí go Shráid Camden le haghaidh Opium nó go Shráid Harcourt Street le haghaidh Coppers na turais is mó a thóg mé go lár na cathrach.
 
Ach ag tús an dara seimeastar d’athraigh sé go mór. Thosaigh mé ag obair mar ambasadóir leis an scoil Bhéarla i DCU. Agus táim fós ag obair leo inniu. Is iontach an jab é, seachas an pá deas agus na daoine álainn, faighim go leor deiseanna dochreidte. Bím cosúil le turasóir ag freastal ar na nithe is díol spéise do thurasóirí agus mé ag treorú na mic léinn eachtrannaigh. Idir tráthnóna a chaitheamh ag siúil timpeall na cathrach go cuairteanna chuig músaeim, tá rud nó dhó feicthe agam sa bhlian díreach caite, agus eolas níos mó agam ar an gcathair anois ná mar atá ag go leor daoine áitiúla.
 
Seo cúpla leid bheag agam duit mar tá tú ag iarraidh léiriú níos fearr a fháil ar do bhaile nua.
 
1. Caisleán Bhaile Átha Cliath
 
Suite i lár na cathrach, idir Coláiste na Trionóide agus Ard Eaglais Chríost, is álainn an áit é. Is fiú go mór an turas a dhéanamh, ní mhaireann sé ach uair an chloig. Is foirgneamh galánta é, lán le stair agus ailtireacht den chéad scoth. Ní chosnaíonn sé mórán agus bíonn lascainí do mhic léinn sna musaeim uilig de ghnáth.
 
2. Páirc an Chrócaigh
 
Má thaitníonn CLG leat, nó spórt ar bith, is deas an turas agus an musaem atá ar fáil i bPáirc an Chrócaigh. Faigheann tú blas éagsúil don taobh rúnda den staid, idir seomraí gléasta agus an tollán. Bíonn an musaem saor in aisce ar lá cluiche freisin. Má tá tú dáiríre faoin bheith i do thurasóir, déan an Etihad skyline chun na radhairc is fearr den phríomhchathair a fháil.
 
3. Siúlóid Cois Fharraige
 
Tá go leor áiseanna iontacha ar fáil i lár na cathrach ach is fiú go mór é dul níos faide, ach go háirithe má tá an aimsir go maith. Tóg an bus nó an DART go Bhinn Éadair (Howth) nó go Dún Laoghaire. Is iomaí caifé gleoite atá ar fáil ann. Téigh ar shiúloid cois fharraige, i d’aonair nó le do chara. Bíonn margadh ar siúl i mBinn Éadair gach deireadh seachtaine freisin.
 
4. Cill Mhantáin
 
Arís ag brath ar an aimsir is iomaí lá iontach atá caite agam i gCill Mhantáin. Má tá carr agat is mór an buntáiste é. Ach bíonn seirbhís Bus Éireann rialta go leor nó téann an DART go Bré. De ghnáth cuirimid tús leis an lá i Powerscourt, áit alainn le bialann agus siopa Avoca agus garraithe deasa comh maith. Leanaimid ar aghaidh thar an Sally Gap go Glendalough. Agus an ghrian ag taitneamh bíonn raidhairc dochreidte le fáil den dúlra agus den tírdhreach.
 
5. Lár na Cathrach
 
Tóg lá agus téigh ag siúl timpeall na cathrach (níos faide ná na siopaí agus na clubanna oíche). Seans go mbeidh léarscáil nó Google Maps uait muna bhfuil eolas maith agat ar an gcathair. Bíonn na páirceanna go léir deas idir Fhaice Stiabhna agus na Gairdíní Cuimhneacháin. Freisin tá cuid mhaith de na musaeim agus na gailearaithe ealaíne saor in aisce. (Ach bí cúramach uaireanta ní bhíonn siad ar oscailt gach uile lá nó bíonn uaireanta oscailte teoranta acu!)
 
Níl leithscéal agat anois. Téigh agus bí i do thurasóir. Seans nach mbeadh tú i do chónaí sa chathair seo (pé cathair in Éirinn nó thar lear) arís i do shaol. Agus ní bheidh do chárta mhic léinn agat go deo! Bain úsáid as anois. Múch an Netflix agus stop ag cur do chuid ama amú. Déan é anois agus tú fós óg. Creid uaimse tá saol taobh amuigh den champus, aimsigh é.