Tugann Ali Spillane a scéal féin dúinn faoi conas a bhí a laethanta saoire lena cairde.
Táim díreach ar ais ó Lyon sa Fhrainc tar éis ceithre lá iontacha a chaitheamh ann le seachtar de mo dhlúthchairde. Bhí saoire dochreidte againn le chéile. Bhí sé iontach deas bheith ar ais le mo chairde ón scoil, os rud é nach bhfillim abhaile comh minic níos mó. Ní raibh cuid acu feicthe agam ón Nollaig. Bhí mé thar lear le cairde cheana ach ba é an chéad uair bheith ag taisteal le grúpa comh mór sin. Bhí mé ag tnúth go mór leis le fada, ach bhí imní orm, nach mbeidh sé comh rathúil dá mbeadh gach duine ag iarraidh rudaí éagsúla a dhéanamh ann agus pleanna éagsúla againn go léir, srl. Thóg mé neart rudaí faoi deara ar an turas agus seans go mbeadh siad úsáideach mar chomhairle do dhaoine eile ag dul ag taisteal don samhradh ach go háirithe.
 
Ba é an chéad nod ná ceann scríbe maith a phiocadh. Is áit randamach é Lyon suite i lár na Fraince. Ach phioc muid é mar cheann scríbe mar go bhfuil mo chara ann faoi láthair mar chuid den chéim atá á dhéanamh aici i UL. Is mór an buntáiste é sin mar tá gach rud ar eolas aici faoin áit agus tá taithí maith aici ar an gcóras iompar, ar na háiteanna is fearr ann, agus na clubanna oíche freisin. Comh maith le sin tá sí líofa sa Fhraincis, rud atá fíor-tábhachtach agus tú thar lear. Bhí sí in ann an lóistín a chur san áireamh, plean a thabhairt dúinn agus gach rud a thaispeáint dúinn agus muid ann. Agus ar ndóigh, bhí sé iontach í a fheiceáil arís.
 
An dara nod atá agam daoibhse ná gan a bheith ró-ullmhaithe. Bí réidh rudaí a athrú i gcónaí. Nuair atá tú le grúpa mór ba cheart go mbeadh gach duine foighneach lena chéile. Bhí aimsir álainn ann agus an ghrian ag taitneamh. Chabhraigh sé go mór le cursaí mar ní raibh ag rith ó áit go háit nó fliuch báite ag siúl timpeall na cathrach. Ar an Domhnach tar éis dhá lá fada (agus dhá oíche níos faide) bhí cuid againn tuirseach traochta. Mar sin, shocraigh muid an tráthnóna a chaitheamh amuigh sa pháirc mhór ag luí faoin ngrian, ag ligint ár scíth. Cé nach raibh mórán á dhéanamh againn bhí lá iontach againn, ag caint agus ag gáire gan brú nó strus.
 
Bhí sé deas mar ní bhíonn deiseanna mar sin againne comh minic níos mó agus muid go léir ar ollscoil agus ag obair srl. Bí oscailte agus réidh le rudaí difriúla, nach bhfuil ar do phlean, a dhéanamh. Má tá mionplean agat le gach uile rud scríofa ann ní bheidh tú comh sásta imeacht ón bplean. Ní oibríonn sé comh maith mar tá tú mar chuid de ghrúpa mór, ag iarraidh chuile duine a choimeád sásta.
 
An triú rud ná bí cúramach. Bí freagrach as do phas agus d’iarmhais. Nuair atá tú ag tasiteal le do theaghlach, de ghnáth bíonn sé de dhualgas ag do thuistí rudaí mar sin a choinneáil sábhailte ach nuair atá tú i d’aonar ba cheart go bhfuil tú cúramach i gcónaí. San aerfort is éasca bheith compordach ag ithe bricfeasta (agus ag ól) agus dearmad a dhéanamh súil a choimeád ar sonraí faoin ngeata agus an eitilt. Bhí an t-ádh linn nuair a shroich muid an aerfort i Lyon bhuail muid le tiománaí teacsaí fíor-deas. Bhí sé an-fhoigneach agus deas linn agus níor chosain sé ach €10 an duine dul díreach go lár na cathrach.
 
Anuas ar sin, chuir muid an teacsaí céanna in áirithe don Luan nuair a bheadh muid ag filleadh abhaile. Ach cloistear scéalta i gcónaí faoi dhaoine óga ach go háirithe agus tiománaithe teacsaithe srl ag teacht i dtír orthu nuair a thug siad faoi deara gur turasóirí óga iad gan an dara chlú faoin áit ina bhfuil siad. Bí cliste, ná habair leo nach bhfuil clú dá laghad agat faoin áit, anuas ar sin déan beagáin taighde faoin bhfad idir an aerfort agus an cathair srl. Agus tú ann bí éirmiúil agus cliste freisin, fiú agus tú ólta, fan le do chairde ná téigh aon áit i d’aonar.
 
An nod deirneach ná bain taitneamh as. Bhí laethanta saoire iontacha againn. Bhain mé taitneamh as gach uile nóiméad ó thús go deireadh. Bhí an cathair dochreidte. I ngach cúinne bhí foirgnimh agus radharcanna álainn. Bhuail muid le daoine cáirdiúla agus bhí spraoi agus craic againn gach oíche. Bhí bia blasta againn agus aimsir grianmhar agus grianghraif don Instagram . Agus beidh cuimhní iontacha againn den deireadh seachtaine go deo. Molaim Lyon go mór d’aon duine. Is cathair álainn é nach bhfuil plódaithe le turasóirí, gan ach cúpla siopa cuimhneacháin ann. Ach pé áit a shocraíonn tú dul, bain taitneamh as.