Nuair a smaoiníonn daoine faoi Lá Fhéile Vailintín is iad ná bláthanna, na seaclaidí, an rómáns, an grá, na croíthe dearg agus bándearg i ngach áit a thagann chun tosaigh gan ceist ná dabht.
Ach cén fáth go bhfuil an méid sin béime curtha ar lá amháin? Cé nár casadh an fear ceart orm fós - léiríonn sé sin an tionchar atá ag na meáin orainn an t-am seo don bhliain. 
 
Dar le daoine áirithe is a leithéid de raiméis agus cur i gcéill ach dar le daoine eile is é an lá is fearr san fhéilire. Tá fhios agam go bhfuil dhá thaobh ar gach scéal agus is dócha go mbraitheann sé ar an duine freisin má tá duine speisialta agat cinnte dearfach ach tá tábhachtach ag baint leis an Lá Vailintín. Is é an t-aon lá is féidir leat a bheith an-rómánsach agus ní bheidh daoine ag spochadh asat de bharr. Tá cead agat do rogha rud a dhéanamh ar an lá áirithe seo: teidí atá rómhór don charr nó fiú an dinnéar rómánsaigh a réiteach nó bláthanna a cheannach. Tá sé suas leat féin níl teorainn ar bith leis! 
 
Ar an lámh eile, do na daoine singil is lá seafóideach é bunaithe ar mhargaíocht agus airgead agus níl sé ach meabhrúchán go bhfuil tú i d'aonar arís i mbliana agus an t-aon duine atá agat anocht ná ‘an dynamic duo: Ben agus Jerry’ agus scannán de shaghas éigin atá chun misneach a thabhairt duit nach mbeidh tú i d'aonar le haghaidh do shaol ar fad. Tá do ghrá gheal amach ansin ach caithfidh tú fanacht!
 
Níl aon éalú ó Lá Vailintín! Tá sé chun tarlú agus beidh sé críochnaithe chomh luath is a thosaigh sé. Má tá tú i gcaidreamh agus tá do ghrá gheal agat, bainigí sult as an lá speisialta seo agus cuimhnigh faoin bhfíor bhrí atá ag an lá ná an grá.  Do na daoine singil amuigh ansin - níl a fhios agat b’fhéidir go mbeidh tú ag roinnt an lá seo le do ghrá gheal an bhliain seo chugainn! 
 
Pictiúr: Jesslee Cuizon/ Flickr