Clár Speisialta “Fios Feasa” ar Raidió na Life, sa Bad Ass Café, Barra an Teampaill - Déardaoin 5 Márta @ 19:00
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, déanfar taifeadadh ar an gclár Fios Feasa, a bhíonn ar Raidió na Life, sa Bad Ass Café i mBarra an Teampaill Déardaoin beag seo, 5ú Márta. 
 
Beidh an clár speisialta seo lán go béal le haoíonna speisialta, scéalta Seachtain na Gaeilge agus ceol beo den scoth.  Beidh á thaifead agam fhéin, Emma Ní Chearúil, agus mo chomhláithreoir, Brónagh Ní Chuilinn, idir a 8-9 ar an oíche, ach leanfaidh an chraic ar aghaidh i bhfad níos faide ná sin!  
 
Beidh Monster Monster, banna iontach as Baile Atha Cliath ag casadh don chlár agus níos déanaí san oíche.  Chomh maith leo sin, beidh ceol agus caint le Jenny Ní Ruisséil, an t-amhránaí álainn ón mbanna Seo Linn, agus beimid ag labhairt le duine d’ionadaithe Sheachtain na Gaeilge, Clíona Ní Chiosáin, mar gheall ar a ról mar “Poster Girl naGaeilge”!
 

Tabhair libh bhur mbróga damhsa chomh maith le haon uirlisí - beidh seisiúin ceoil iontach ann chomh maith gan dabht!!   Anuas air sin ar fad beidh bia saor in aisce ar fáil agus sóláistí eile ar fáil ar laiscine! 
 
Beidh an craoladh speisialta seo le cloisteáil níos déanaí sa seachtain ar Raidió na Life.  Tosóidh an taifead ar a hocht agus mar sin moltar bheith ann beagán roimhe sin!
Tá fáilte roimh chuile duine - tabhair leat cara, tabhair leat slua agus cuirfidh muide an chraic ar fáil daoibh ann!