An darna clár speisialta “Fios Feasa” laistigh de choicís ag tárlú in Ollscoil Mhá Nuad ar an Déardaoin 3-4pm.
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, rinneadh taifeadadh ar an gclár Fios Feasa, a bhíonn ar Raidió na Life, sa Bad Ass Café i mBarra an Teampaill Déardaoin seo caite.  De bharr gur seacht lá dhéag atá i gceist le Seachtain na Gaeilge i mbliana, beidh clár eile á thaifead - in Ollscoil Mhá Nuad an uair seo!
 
Don darna clár seo beidh mic léinn agus baill foirne na hOllscoile ag caint, ag casadh agus ag roinnt scéalta mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge agus saol na hOllscoile.  Beidh an clár á thaifead agam fhéin, Emma Ní Chearúil, agus mo chomh-láithreoir, Brónagh Ní Chuilinn, idir a 3-4pm beo i Seomra na Gaeilge, Foirgneamh na nEalaíon i lár an champais.
 
I measc na haíonna ar an gclár beidh amhránaíocht ar an sean-nós le hOrlaith Ní Mheachair, a ghlac páirt i gcomórtais Oireachtas na Gaeilge an bhliain seo caite.  Chomh maith léi sin, beidh ceol agus caint le Matt Ó Baoil, Uachtarán na Cuallachta, beimid ag labhairt le cúpla duine de na Geabairí Gaelacha atá théis clár trí Ghaeilge a bhunú ar MarsFM, stáisiún raidió na hOllscoile; beidh comhrá le hOrla Bradshaw, Oifigeach na Gaeilge na hOllscoile; beidh neart ceol leis an gCumann Ceol Traidisiúnta agus go leor leor eile!
 
Tá fáilte roimh éinne atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa seisiún ceoil nó atá ag iarraidh cúpla focal a rá linn ar an lá.  Beidh an clár á chraoladh lasmuigh de Sheomra na Gaeilge, atá suite go lárnach ar an gcampas agus beidh fáilte roimh lucht féachana i Seomra na Gaeilge agus ar na toilg ghlasa lasmuigh!
 
Beidh an darna craoladh speisialta seo le cloisteáil níos déanaí ar an lá céanna, Déardaoin 12ú Márta, ar Raidió na Life idir 8-9pm.  Tosóidh an taifead i Seomra na Gaeilge ar a trí.
Tá fáilte roimh chuile duine - beidh beagán craice bainteach leis agus ceol den scoth chomh maith!