Scéal aoire le Cal Ó Donnabháin bunaithe ar an seanchas, Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne, le casadh scáfar...
Chlúdaigh blaincéid mhóra báistí an tírdhreach, fó-bhrístí Dhiarmada greamaithe dá chúl, ag cur srian ar a ghluaiseacht. Ní raibh sé in ann íomhá de Ghráinne ag rith trasna na páirce chuige ar lá breá grianmhar a chaitheamh óna aigne, a gúna bán ag eitilt laistiar di agus a muineál sínte amach os a comhair aici, mar a bheadh ag ostrais. Deá-chuimhneachán, ach cuimhneachán a rinne níos laige é agus é ag dul i mbun troda, a shíl sé. 
 
Seasta ag barr an chnoic bhig bhí figiúr le feiceáil, splancacha tintreacha sa chúlra aige ag lasadh a aghaidh do Dhiarmuid, a bhí ag druidim leis go tapa. Seo an fear a raibh an t-eolas aige, eolas i dtaca leis an mbanphrionsa Gráinne agus an áit ina raibh sí lonnaithe ag an am sin. Theastaigh lámh an bhanphrionsa ón laoch agus ní tharlódh sé, chomh fada ‘s a bhí Diarmuid ar an saol, go mbeadh Fionn ábalta í a ghoid uaidh toisc nach raibh bua troda air mar a bhí sé air féin agus chuirfeadh sé ar shlí na fírinne é dá ndéanfadh sé iarracht ar bith.
 
“Cé atá ann?”, a scread fear an chnoic, an ghaoth fhiachmhar ag cur a ghlóir láidir faoi cheilt. “’S mise Art an t-Aineolaí, agus ar chostas an-íseal ar fad d’fhéadfainn cibé taistealaí a chur sa treo ceart leis an eolas bailithe agam ó fhoinse go foinse”, maide siúil ardaithe san aer aige chun na fláthais agus a lámh eile amuigh aige ag bailiú airgid. Bhí sé soiléir le feiceáil nach raibh pingin rua ag Art an tAineolaí agus is cosúil nár thrasnaigh anam a bhóthar go fóill ach, ba é an t-aon deis a bhí ag Diarmuid agus theastaigh uaidh é a thriail.
 
“Eolas uaim,” a d’ordaigh sé, gan aithne a chur air féin. “Eolas i leith an bhanphrionsa Gráinne. Thréig sí sinn maidin inniu agus táim ar a tóir. Seo duit cúig bhonn do d’eolas is fearr.” Chuir sé an tairgead i lámh oscailte an tseanfhir agus chonaic sé meangadh gáire ag fás ar a aghaidh. 
 
“Á, a thaistealaí, tá tú ar thóir an bhanphrionsa ghránna! Bhuel, nach ortsa atá an t-ádh agus agamsa
atá an t-eolas?!”, arsa Art, ag caitheamh a hairgid ina mhála beag crochta ar a ghualainn. D’ardaigh sé a mhéar agus shín sé i bhfad uathu é, dorchadas iomlán sa treo céanna.
 
“An bhfeiceann tú an túr thall, a thaistealaí?”, a cheistigh sé Diarmuid. 
 
“Ní fheicim tada”, a d’fhreagair sé.
 
“Is ansin a aimseoidh tú do bhanphrionsa gránna.”
 
“Gráinne, ‘sea?”.
 
“Gránna, sea. Tá sí thuas sa túr sin. Ní gá duit ach cnag a bhualadh ar an doras agus scaoilfidh sí isteach thú. Sin mo chomhairle, a thaistealaí!”, agus le sin bhí pléascadh deataí agus fágadh Diarmuid ina aonar ag barr an chnoic, Art an t-Aineolaí tar éis éalú leis an gcúig bhonn ina sheilbh aige. Níor fágadh é ach le rogha amháin; téigh i dtreo an túir.
 
Shiúil sé ar feadh deich nóiméad sular shroich sé gairdín an túir a bhí líonta le brúscair agus bhí sé cinnte nár thug éinne aire dó. I dtaca leis an túr a ghob amach as an talamh, bhí eidhneán ag fás mórthimpeall air agus thomhais sé gur thug an bhean laistigh de an aire céanna di féin agus a thug sí dá háit chónaithe. Ar aon nós, shiúil sé suas chuig an doras agus bhuail sé faoi thrí é, é scriosta ag an droch-aimsir. Níor freagraíodh an doras, ach chuala sé gáire aisteach ag teacht as fuinneog an túir. Mhothaigh sé nach raibh sé san áit cheart.
 
“Cé ‘tá ann?”, arsa bean na fuinneoige, macalla a gutha ag preabadh as creatlach an fhoirgnimh ach é caillte ansin i stoirm na hoíche.
 
“Ní féidir liom thú a chloisteáil ró-shoiléir. An sin Gráinne, mo stór? An bhfuil tú ann?”, a d’fhreagair Diarmuid, amhras ag teacht air anois i dtreo ionannas na mná os a chionn.
 
“Ó, a dhiabhal. Ní mise Gráinne, agus nílim gránna ach an oiread. An raibh tú ag labhairt leis an amadán sin, Art?”, arsa sí. “Is tusa an tríú duine inniu curtha chugam aige inniu.”
 
Gan focal cloiste aige, scread Diarmuid suas chuici. “Tar anuas”, agus le sin, leis an mbean ag casadh a droim i dtreo na fuinneoige, sheas sí ar eireaball a gúna agus chuir sé ag titim amach an fhuinneog í.
 
Tháinig sí chun talaimh in aice le Diarmuid, a corp ag buaileadh an ithir le sonc ollmhór, a cloigeann briste agus casta chun na spéire.
 
Thug Diarmuid faoi deara nach a Ghráinne a bhí ann ach banphrionsa gránna de chineál éigin, a clár éadain ollmhór agus gruaig liath le feiceáil go soiléir faoi sholas tintrí. Smaoinigh sé le fearg, ar feadh soicind, ar an airgead caillte aige, ach chuir sé óna aigne ansin é agus thug sé faoina thóraíocht arís.