Ag obair don samhradh? Do chairde ar fad imithe ar J1 ná a leithéid? Nó seans go bhfuil tú bréan den drochaimsir agus tú ag fanacht ar do dheis dul ar fánaíocht tú fhéin?

Tá éalú ar fáil! Glac sos agus lig do chuid smaointe dul ar chamchuairt chuig na háiteanna seo a leanas ar Instagram;

@theglobewanderer - dóibh siúd atá dalba agus ar thóir aidbhintiúir.

@parisinfourmonths - don té a bhfuil sáile agus galántacht uathu - ó thaobh suímh agus faisin de!

@natgeo - an chéad rogha más grianghrafadóireacht taistil atá uait; íomhanna áille agus léargais spéisiúla cultúrtha.

@exploreaustralia - Cuma iontach mealltach ar an Víosa Astrálach sin lenar fhág do chairde anois, nach bhfuil?

@jetsetcd - an rud is fánach is iontach agus sin a bhfuil le fáil ar an gcuntas seo - lonnaithe san Ais faoi láthair!

@fathomwaytogo - Tá na treoracha ar fad a bhfuil uait ar fáil ag Fathom agus tú i mbun do thuras féin a phleanáil!

@nakedplanet - solas á chaitheamh ar chuid de na háiteanna agus créatúir is aoibhne ag rannpháirtithe lonnaithe ar fud an domhain.

@worldwanderlust - cuir beagán dath le do shruth nuachta, ach bí réidh don wanderlust a thagann in éindí leis.

@fosterhunting - pictiúir den bhóthar agus an saol amuigh faoin aer.

@geokaun_mountain_cliffs - is glas na cnoic i bhfad uainn ach níl sé sin le rá nach bhfuil radhairc aoibhne le fáil anseo in Éirinn chomh maith.