Chuile sheachtain, tugaimid aitheantais do dhaoine óga atá théis paisean agus díograis i leith na Gaeilge a léiriú ar bhealaí éagsúla.

Tá Ciara Ní Éanacháin ainmnithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo as a cuid oibre i réimse na Gaeilge (agus na filíochta) anseo i mBaile Átha Cliath agus sa cibearspás!

Cé hí?
Is as Baile Átha Cliath di ó dhúchas agus is ann a chónaíonn Ciara faoi láthair.
 
“Níor fhreastal mé ar Ghaelscoil agus ní raibh aon Ghaeilge sa teaghlach agam ag fás aníos, mar sin is mise a bhí sceitimíneach bualadh le mo chomhscoláirí Gaelacha nuair a thosaigh mé ar an gcúrsa Gaeilge agus Béarla i gColáiste na Tríonóide.”  D’oibrigh sí le hAontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide mar Oifigeach na Gaeilge fad is a bhí sí i mbun staidéir ann.
 
I ndiaidh di céim a bhaint amach i 2013, chaith sí seal i Londain ag obair leis an gcomhlacht foilseacháin Dorling Kindersley. “Bhí an-spraoi agam sa phost sin ach ní raibh deis ar bith agam an Ghaeilge a úsáid, mar sin d’fhill mé go hÉirinn an bhliain seo caite le cúrsa máistreachta a dhéanamh i UCD.”
 

 
Céard atá déanta aici?
Sa bhliain 2012, chuir Ciara tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook, ar son na craice.” D’fhas sé go mór ó shin agus is iontach go bhfuil sé anois ag druidim le 12,000 likes.”
 
Bíonn Ciara le feiceáil scaití ar Cúla4 le Mícheál Ó Ciaraidh ag déanamh léirmheasanna ar leabhair agus ar scannáin.  Bíonn sí ag scríobh don iris Nós chomh maith.
 
“Bhí suim agam i gcónaí i litríocht agus filíocht agus i mbliana thosaigh mé an oíche filíochta mhíosúil Reic le go mbeadh oíche ‘spoken word’ Gaeilge sa chathair.”
 
Oíche neamhfhoirmeálta atá ann, ina mbíonn filíocht, amhráin, agus rapcheol le choisteáil. Go dtí seo, tá Rónán Ó Snodaigh, Séamus Barra Ó Suilleabháin, Marcus Mac Conghail, Tempermental Miss-Elayneous, Eva O’Connor, MC Muipéad, agus neart eile théis páirt a ghlacadh san imeacht seo.
 
 
Cá féidir í a leanúint?
Táim ar Twitter ag @MiseCiara nó ar mo bhlag anseo. 
 
Tá Reic ar Twitter ag @reic agus ar Facebook anseo.
 
Tá Memes na Gaeilge ag @memesnag agus ar Facebook anseo.
 
An mana saoil aici
“Seo rud a bhíonn mo sheanmháthair ag rá: ‘Níl éinne ag breathnú ort!’ Is é sin le rá, déan do rogha rud agus ná bí buartha faoi tuairimí dhaoine eile.”