Beidh an chéad chlár lán-Ghaeilge riamh á chraoladh ar stáisiún raidió Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad, MarsFM, Dé Máirt beag seo an 10 Feabhra.

Is é an clár nua seo, darbh ainm, ‘Na Geabairí Gaelacha’, an t-aon chlár lán-Ghaeilge ar stáisiún raidió na mic léinn in Ollscoil Maigh Nuad, MarsFM, stáisiún le 63 láithreoir ar an iomlán.

Beidh Clíodhna Ní Dhufaigh, Katie Doohan, Kevin Johnston, Seán MacDomhnaill agus Alswyn Ní Aonghusa mar láithreoirí ar an gclár. Is daltaí iad atá ag déanamh staidéir ar na meán chumarsáide in Ollscoil Maigh Nuad.

Beidh an-chuid rudaí éagsúla le cloisteáil ar an seó.

“Clár spraíúil bríomhar is ea é. Beidh comhrá ginearálta, eadrainn faoi rudaí sna meáin sóisialta agus réimse leathan cheol ó phop go dtí ceol traidisiúnta á chloisteáil ach in éineacht le sin, táimid chun tráth na gceisteanna a dhéanamh, aíonna a bheith sa stiúideo, cluichí greannmhar a dhéanamh ar nós ‘slang as Gaeilge’, rudaí conspóideacha a phlé agus spraoi a bhaint as an nGaeilge. Ba bhreá linn ceol beo a chraoladh chomh maith,” a deir láithreoir an chláir, Alswyn Ní Aonghusa.

Tá súil ag Ní Aonghusa go gcabhróidh sé le stádas na Gaeilge san Ollscoil.

“Tá súil againn go mbeidh suim ag na mic léinn sa chlár agus go spreagann sé Gaeilge timpeall an champais.  Ba bhreá linn oideachas is grá a chruthú i measc an lucht éisteachta don teanga. Tá sé práinneach dúinn clár raidió lán-Ghaeilge a bheith ar MarsFM mar taispeánann sé go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach in Ollscoil Maigh Nuad.”

Forbairt an-suntasach é seo, dar le leas-Uachtarán MarsFM, Mark Bellew.

“Is smaoineamh thar barr é seo. Tá Ghaeilge ag fáil báis, i mo thuairimse, mar sin tá sé fíor-tábhachtach go bhfuil an seó nua lán-Ghaeilge seo againn mar bhealach chun an teanga agus an stair atá ag baint le sochaí na hÉireann a chaomhnú,” a deir Bellew.

Tá Bellew an-dóchasach faoi thodhchaí an tseó nua.

“Ceapaim go mbeidh sé thar a bheith rathúla, mar ní dóigh liom go bhfuil a lán Gaeilge á chloisteáil ag an-chuid daoine tar éis na meánscoile agus beidh sé suimiúil í a chloisteáil arís. Tá mé ag súil go mór leis, go háirithe leis na pleananna go léir atá acu don seó i mbliana.”

Beidh an seó ar siúl ar MarsFM chuile seachtain, Dé Máirt ó 1-2pm. Is féidir leat éisteacht leis ar www.MarsFm.ie.

Is féidir iad a leanúint ar Facebook ar an leathanach ‘Na Geabairí Gaelacha ar MarsFM’. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo i rith an tseó tríd a gcuntas Snapchat.

Oibríonn mic léinn Ollscoil Maigh Nuad ar an stáisiún raidió i rith na bliana acadúla agus bíonn réimse leathan cláir á chraoladh acu. Ina measc na cláir eile atá le cloisteáil ná ‘Country Time with Alanna’ agus ‘Live lounge with Josh’, chomh maith le neart eile.

Tá an Cumann Craoltóireachta freagrach don stáisiún. Is é an bhliain is rathúla don chumann, le 115 duine sa chumann faoi láthair- na figiúirí is airde dóibh fós.

Bunaíodh an Cumann Craoltóireachta sa bhliain 2012 agus thosaigh MarsFM ag craoladh an bhliain seo caite, i mí Feabhra.

“Ba é an bhliain seo chaite an chéad bhliain a bhíomar ‘ar an aer’, le stiúideo amháin agus cúpla láithreoirí,” a deir Bellew.

Ach tá an-fhorbairt déanta ag an stáisiún ó shin agus is é an bhliain seo an seoladh mór dóibh i ndáiríre.

“Tá an lucht éisteachta ag méadú go suntasach. Tá sé seo mar gheall ar an méid oibre a rinne ár bhfoireann OCP (oifigí caidrimh phoiblí) i mbliana agus an seoladh a bhí againn sa chlub oíche ‘Mantra’ i mí na Samhna,” arsa Bellew.