Ar Chuala tú faoin bhfeachtas nua ar na meáin shóisialta – Relfie?
Sa lá atá inniu ann níl aon dabht go bhfuilímid gafa lenár íomhá - ar na meáin sóisialta go léir. Bíonn daoine ag uaslódáil selfies chuile lá beo agus ag súil go bhfaighidh siad an méid is mó  “likes”. B’fhéidir go bhfuil sé sin tar éis tarlú i ngan fhios dúinn ach is é an tslí atá an domhan ag dul áfach -  níl fhios agam an rud maith nó olc é seo. Leis na forbairtí teicniúla atá ag tarlú lá i ndiaidh lae gan ceist ná dabht, tá cúrsaí teicneolaíochta ag dul ó neart go neart. Cinnte dearfach, tá ról lárnach ag an teicneolaíocht sa lá atá inniu ann ach is breá liom an tslí a n-úsáideann daoine na meáin shóisialta agus an tionchar atá aige mar gheall ar na feachtais carthanachta. Ar dtús bhí an “No Make Up Selfie”, ansin “The Ice Bucket Challenge” agus anois tá an “Relfie” i mbéal an phobail.
 
Céard é féin? Go bunúsach is pictiúr ina bhfuil caidreamh maith idir na daoine léirithe sa phictiúr. Is iad na daltaí ó Choláiste Oideachais Naomh Angela i gCathair Corcaigh atá taobh thiar an tionscnamh feasachta seo. Is í an aidhm atá acu ná airgead a bhailiú le haghaidh na carthanachta, Mná Feasa. Tá Mná Feasa ceann do na carthanachta atá bainteach le Cork Anti Poverty Rescue Network. Tugann siad cúnamh d’íospartaigh atá ag fulaingt dá bharr mí-úsáid teaghlaigh. 
 
Dúirt urlabhraí ó Mná Feasa, “Níor tháinig an smaoineamh seo ó Mná Feasa ach is iad na daltaí ó Choláiste Oideachais Naomh Angela a tháinig aníos leis an smaoineamh ach gan ceist ná dabht is cabhair mhór dúinn ó thaobh feasachta a ardú agus airgead a bhailiú.”  Is iad na daltaí san idirbhliain atá ag stiúradh an tionscadail seo le haghaidh an tionscadail YSI- Young Social Innovators. Tá na cailíní ag iarraidh béime a chur ar chaidreamh láidir ina bhfuil grá, macántacht, dílis, muinín agus na tréithe eile a bhaineann le caidreamh maithe a chur chun cinn.
 
Tá na mic léinn ag iarraidh teachtaireacht faoi chaidreamh folláin a scaipeadh ar fud na meáin shóisialta ar fad ina measc - Facebook, Twitter agus Instagram agus go mbeidh tuiscint agus léargas níos fearr ag daoine faoin bhfadhb seo. “Tá súil againn go mbeidh fios ag mná go bhfuil Mná Feasa ann chun cabhair a thabhairt dóibh aon uair atá siad i mbaol,” a dúirt urlabhraí na carthanachta. Tá sé dochreidte an méid daoine atá ag tógáil “relfies” agus ag postáil iad ar na meáin shóisialta éagsúla. Tá daoine ag uaslódáil pictiúir lena gclann, a gcairde, a mbuachaill chara nó a gcailín chara, a múinteoirí agus a gcomhghleacaithe ar fud an domhain sna Stáit Aontaithe, Sasana, An Ollainn, An Spáinn agus An Ghearmáin. Tá níos mó na 6,000 relfies tar éis a bheith tógtha agus tá suas le 1,000 leantóirí acu ar Instagram.
 
Thosaigh an Relfie ar an 08/1/15 agus tá beagnach €12,000 bailithe ag an bhfeachtas faoi láthair, éacht iontach! An t-aon rud amháin déan cinnte go ndéanfaidh tú deonachán tar éis an Relfie a chur ar na meáin shóisialta.  Má tá suim agat a bheith páirteach san fheachtas thar cionn seo: cuir do “Relfie” ar cibé lonraí sóisialta más mian leat leis an haischlib #relfieworldrecord, ainmnigh triúr duine eile chun an rud céanna a dhéanamh laistigh 24 uair agus seolaigí teachtaireacht chuig 50300 leis na focail “Fun” chun €2 a bhronnadh do Mná Feasa. Tá Mná Feasa ann d’éinne a bhfuil ag iarraidh cabhair- Is féidir leat glaoch a chur orthu ar an Helpline 0214211757 nó seolaigí ríomhphoist chuig