Dar le Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta 2006-2011, tá laghdú mór tar éis teacht ar an méid cainteoirí laethúla sna ceantair Ghaeltachta - níl ceann amháin dóibh thar 3000 cainteoir in aghaidh an lae.
Is drochscéal é seo, fiú nuair a thógtar na huimhreacha dearfacha san áireamh. Tá méadú tagtha ar chúpla ceann de na Gaeltachtaí sa chatagóir B (40-60 de chainteoirí áitiúla Gaeilge), agus méadú ar chúpla ceann de chatagóir A (60%-100% de chainteoirí áitiúla Gaeilge) atá le feiceáil sa sliocht seo.  Ach, ina iomláine, is pictiúr an-diúltach é.  Beidh roinnt oibre ag teastáil chun na ceantair seo a shábháil - más féidir iad a shábháil i láthair na huaire seo, nó más fiú é a dhéanamh.  Ní scéal sainiúil é ar fad i gcomhthéacs de theangacha eile timpeall an domhain áfach -  de réir sleachta ó National Geographic, beidh leath de na 7,000 teanga atá ar an domhan anois imithe go deo faoin bhliain 2100.  Ní hí an Ghaeilge an t-aon teanga le deacrachtaí sa lá atá inniu ann.
 
Ba chóir go dtógfaimid ceachtanna ó mhionteangacha eile timpeall an domhain, agus iarracht a dhéanamh na fáthanna ar theip orthu a chur san áireamh.  Chomh maith leis sin, ba chóir dúinn na rathscéalta atá ann chomh maith a nascadh lenár straitéis sa todhchaí - teangacha mar an Eabhrais, Baisceach is an mBreatnais.  Shroich na teangacha sinn an toirt leorthábhachtach atá ag teastáil ionas gur féidir leo maireachtáil ina n-aonar.  Bhí na gluaiseachtaí seo in easnamh sa tír seo, agus ta na hiarmhairtí le feiceáil i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.
 
Ach, tar éis na heachtraí stairiúla a tharla sa tír seo, thit líon na Gaeilgeoirí sa tír seo síos go mór mór san 21ú haois.  Ní tuairim thobann é seo go bhfuil na Gaeltachtaí im baoil - ach tá sé tar éis rialú an rialtas atá againn anois go bhfuil fíor fadhb na gceantar seo le feiceáil.  Ó gur éirí Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin i 2013 is díbirt maoiniú chuig Foras na Gaeilge is roinnt eagraíochtaí fíorthábhachtacha don teanga thar na blianta, tá sé go han-éasca ar fad le fíorsheasamh an rialtais seo a fheiceáil sa mheon fímíneach agus sna polasaithe lochtacha acu.
 
Caithfear anois fíorstádas na teanga a aithint ionas gur féidir léi an chéad aois eile a fheiceáil le haon láidreacht ar bith.  Tá líon na Gaeilgeoirí sa tír ag fás bliain i ndiaidh bliana de bharr na nGaelscoileanna atá le feiceáil anois timpeall na háite - tá  187 naíonra, 304 bhunscoil, agus 69 meánscoil sa tír anois - agus an líon sin ag fás gach bliain.  Ní uimhir ollmhór atá ann, ach i gcomparáid le fiche cúig bhlian ó shin is míorúilt atá ann.  Caithfear na daltaí seo a thógáil isteach sa saol mór ar bhealach bhuan agus dhéantasach,  is deiseanna a thabhairt dóibh a gcuid gnó a dhéaonach as Ghaeilge - rud nach bhfuil an t-airgead nó an tacaíciht ar fáil ag an nóiméad seo.
 
Rud a chabhróidh go mór leis an teanga anois ná forbairt a dhéanamh ar mheáin shóisialta na Gaeilge - ag an nóiméad seo, níl a thuilleadh d’áiteanna nó ócáid ar siúil sa phríomhchathair.  Ní déarfainn aon rud faoi mhuintir na tuaithe - is buachaill cathrach mé agus níl aon chur amach agam faoi, agus de réir sin ní dhéanfainn ach plé faoin chultúr atá faoi mo shúile féin.  Nuair a chríochnaigh mé mo thréimhse i scoil lán-Ghaeilge, ní raibh aon eolas nó deis agam freastal ar aon rud bainteach le Gaeilge i mBaile Átha Cliath.  Ar ndóigh, tá Conradh na Gaeilge sa chathair ach ar thaobh díreach buaileadh suas le strainséirí Gaelacha den aois chéanna liom féin ag an am sin ní raibh aon rud ar fáil - deir mo mhúinteoirí liom fanacht go dtí go mbeidh mé san ollscoil ionas go mbeidh a leithéid d’imeachtaí is deiseanna leis an teanga a úsáid ansin.  
 
Is mór an trua é nach bhfuil deiseanna taobh amuigh den ollscoil agus na Gaelcholáistí ar fáil - is fiú más an rud é go bhfuil, is mór an trua é nach bhfuil na hócáidí agus na himeachtaí seo ar siúl gach seachtain is fógraíocht déanta orthu agus le feiceáil sna meáin Bhéarla.  Deir roinnt shean-scoláirí ó mo scoil liom go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a úsáid ar a laghad uair amháin sa mhí ach ní fheiceann siad aon deis ar bith len é a dhéanamh ó gur fhág siad an scoil - agus fiú ar scoil, ní rogha a bhí acu maidir le húsáid na teanga ach sna ranganna amháin.
 
Is teanga uirbeach í anois chomh maith.  I nglúin mo thuismitheoirí, d'fhág roinnt daoine ó dhaonra na tuaithe le hobair a fháil sna cathracha, agus ní raibh deis acu teacht ar ais go deo de bharr cúinsí eacnamaíochta sa bhaile.  Tháinig formhór na daoine seo ó na ceantair is boichte sa tír, áiteanna ina raibh líon na Gaeilgeoirí níos airde ná aon áit eile go stairiúil.  Anois, tar éis na mblianta, tá príomhchathair na tíre móire go leor leis an toirt leorthábhachtach a chur ar fáil, agus líon de chúpla duine den ghlúin atá imithe thar sáile ar imirce a fháil ar ais agus iarracht mhaith, láidir a chur le bac chur ar bhánú na tuaithe.  San aois seo, is féidir le daoine taisteal óna mbailte féin chuig an phríomhchathair agus ar ais gan mórán faidhbe.
 
Chomh maith le seo, ba chóir acmhainní atá ann anois a fhorbairt is a dhaingniú - mar shampla, na gaelcholáistí atá ann anois a fhorbairt is iad a mhéadú, comhlachtaí beaga a mhaoiniú ionas go mbeidh siad in ann bun leibhéal seirbhísí a chur ar fáil leo féin as Gaeilge. Ba chóir tacaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí seo tríd maoiniú níos báúla ón rialtas le tuiscint níos fearr ar an phobal Gaelach ina iomláine.  
 
Bunphointe na gcoláistí seo ná go léireodh siad chuile ghné den phobal Gaelach is ag gach am, ligfeadh siad do dhaoine a bhfuil suim acu saol a bhaint amach go hiomlán sáite ina dteanga féin, agus nach mbeadh an saol seo i mbaol - tríd chinntí dearfacha rialtais, is an cumas acu chun airgead a thuilleamh tríd an teanga a mhúineadh agus imeachtaí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Agus an t-eolas ann nach mbeadh riamh airgead atá tuillte ag titim faoi leibhéal  áirithe, is féidir straitéis a chruthú. Leis an straitéis sin, is féidir an teanga a chosaint agus obair a dhéanamh na meáin sin a fhorbairt.
 
Caithfear an domhan Gaelach a aithint chomh maith - is dóigh liom gur rud iontach a bheidh ann más é an rud é go raibh nasc láidir againn le líon na nGaeilgeoirí idirnáisiúnta. Tá rinceoirí Gaelacha le feiceáil i Hong Kong agus sa Rúis, tá Gaeltacht i gCeanada agus cúrsaí sa teanga chuile áit ar domhan.  Más é an rud é gur féidir linn na acmhainní seo a nascadh le chéile, is na daoine a bhfuil an suim agus an fuinneamh acu an teanga a coimeád i mbealach sláitiúil, ní ach amháin go mbeadh deis ag an teanga maireachtáil - bheadh deis ag cainteoirí an teanga a úsáid mar a úsáidtear aon teanga eile. 
 
Mar fhocal scoir, caithfear acmhainní atá againn anois a úsáid sula mbíonn sé ródhéanach dóibh. Ní chloisfeá rud ar bith faoin teanga ach go bhfuil bás mall á fhulaingt aici. Leis an fhírinne a rá, tá seans maith aici - más é an rud é go mbíonn na Gaeilgeoirí uilig ar fud na cruinne sásta iarracht a dhéanamh ar bhealaí beaga éagsúla - agus b’fhéidir an chéad ghlúin eile a thógáil leis an teanga. Mar atá sí anois, ní fíortheanga atá sí i go leor áiteanna ach teanga acadúil, sna Gaelcholáistí agus i measc Gaeilgeoirí aonaracha atá inti.  Anois an t-am len iad uilig a tharraingt le chéile sula mbíonn sé ródhéanach di - use it or use it, lads.