Chuile sheachtain, tugaimid aitheantas do dhaoine óga atá théis paisean agus díograis i leith na Gaeilge a léiriú ar bhealaí éagsúla.

Tá Derek O’ Brien ainmnithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo as a cuid oibre i réimse na Gaeilge le Fiontar agus i bhfoirm (droch)jócanna a scaipeadh ar na meáin shóisialta!

Cé hé?
Is iarchéimí iriseoireachta de chuid Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é Derek, atá ag obair san áit chéanna faoi láthair.  Is as Sord dó ó dhúchas, áit “a bhfuil an-tóir air de bharr an Pavilions (ionad siopadóireachta) agus JC's - an t-ollmhargadh cáiliúil nach ann dá mhacasamhail.”  Is i Scoil an Duinnínigh a d’eascair a spéis sa Ghaeilge.  “Ar an drochuair,” a deir sé féin,  “ní raibh mé riamh sa Ghaeltacht agus mar sin tá canúint shalach BÁC agam, fan glan uaim.”
 
Céard atá déanta aige?
Faoi láthair tá Derek ag obair le Fiontar, scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge - sna léachtaí agus sna hoifigí féin.  “Caithim mo chuid seachtainí ag obair ar na tionscadail a bhfuil Fiontar bainteach leo - www.duchas.ie ach go háirithe, an cnuasach béaloidis ar líne. Go bunúsach, caithim formhór m'ama ag léamh seanscéalta a bhíonn idir Ghaeilge agus Bhéarla (ag brath ar an gcontae). Ní mhothaíonn sé mar phost uaireanta chun an fhírinne thar a bheith nerdy a rá.”
 

I láthair na huaire, tá cúnamh á lorg ag Fiontar ón phobal le Meitheal Dúchas, a seoladh le déanaí. Más spéis leat scéalta Gaeilge a léamh agus a thras-scríobh, is féidir lámh chúnta a ofráil anseo: http://duchas.ie/en/meitheal/
Buachphointe an phoist ag Derek dar leis, áfach, ná na scéalta taibhsí agus na tomhais.
 
Cá féidir é a leanúint?
“Is féidir mo chuid cainte san aer agus (droch)jócanna a léamh ar Twitter @DirkVanBryn agus toradh m'oibre a fheiceáil ar shuíomhanna Fiontar. Féach http://www.gaois.ie/ga/
 
 
An mana atá aige
“Is fear simplí mé agus mairim ar mheanma amháin go príomha - ná bí i do chacmhála. Bíonn fadhbanna ag chuile dhuine, ná cuir leo.”