Chuile sheachtain, beimid ag tabhairt aitheantais do dhaoine óga atá théis paisean agus díograis i leith na Gaeilge a léiriú ar bhealaí éagsúla.
Tá Cillian de Burca, a ghrúigh gradam “Réalta Óg na Bliana” ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge, ainmnithe mar Ghaeilgeoir na Seachtaine seo as a chuid oibre i réimse na Gaeilge agus na meáin chraolta.
 
Cé hé?
Ultach ar deoraíocht i mBaile Átha Cliath le cúig bliana anois is ea Cillian.  Tá dúil mhór aige “sa chraoltóireacht, sa scríobh agus sna Jaffa Cakes.”
 
Céard atá déanta aige?
Tá Cillian ag obair sna meáin ó bhí sé ar coláiste i mBéal Feirste.  “Bhí mé ag obair go deonach le Raidió Fáilte ar dtús báire sular bhog mé ar aghaidh go BBC Raidió Uladh, agus 4FM augs Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath.”  
 
Faoi láthair tá Rí-Rá ar RnaG á chur i láthair ag Cillian in éindí le Niamh Ní Chróinín ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Bronnadh gradam “Réalta Óg na Bliana” air ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge an mhí seo caite as an sárobair atá déanta aige le Raidió Rí-Rá, ar Raidió na Gaeltachta agus a chuid scríbhneoireachta ar Nós.ie.
 
Cá féidir é a leanúint?
Bíonn Rí-Rá ar RnaG le cloisteáil gach oíche Mháirt go hAoine ón 9 i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  “Ceol ó na cairteacha agus píosa cainte atá i gceist, agus tá ag éirí go hiontach leis le bliain anuas.  Bíonn amaidí rialta á spalpadh agam ar Twitter @CilliandeBurca fosta!”
 
An mana saoil aige ná…
“Fill arís ar do chuid!”