Study Abroad

Bliain na ngabhar?

Le linn na coicíse seo caite, cheiliúradar Athbhliain na Síneach. Ach tá na ceisteanna seo go mór i mbéal an phobail… Cad go díreach a bhaineann le hAthbhliain na Síneach? Cén fáth nach gceiliúradar mar is gnáth ar an 1 Eanáir é?
 
 Cad iad na difríochtaí a bhaineann leis?  Anuraidh, chaith mé bliain ag staidéar in Ollscoil Shanghai sa tSín; agus tháinig mé ar roinnt pointí éagsúla:
 
Baineann Athbhliain na Síneach go hiondúil leis an ghealach, nó ‘Lunar New Year’ mar a ghlaoitear air sa Bhéarla. Is iondúil a thiteann an fhéile seo idir an 21 Eanáir agus an 20 Feabhra. Ní lá amháin atá i gceist leis an chomóradh seo, ach ceiliúradh coicíse. 
 
Is ionann pé lá ar a dtosaíonn sé agus an 1 Eanáir inár bhféilire féin, an féilire Ghréagóra.
 
Baineann tréithe stoidiaca leis an bhféilire Síneach, ar a nglaoitear Ciorcal na nAinmhithe air. 
Mar shampla, táimid i mbliain na nGabhar faoi láthair, agus cheiliúramar Bliain na gCapall anuraidh. Feictear i measc na n-ainmhithe eile: madra, tarbh, moncaí, nathair, coileach, coinín, tíogair, muc, dragún agus francach.
 
Anuraidh, ar lá an chomóraidh féin, phlódaigh muintir Shanghai go lár na cathrach chun iad a fheiceáil i外滩 (Waitan – ceann de na nithe is díol spéise do thurasóirí) a bhíonn tinte ealaíne ar fud na spéire. 
 
Do dhuine iasachta, is deas an radharc a fheiceáil, ach ní hé seo ach aicme amháin den fhéile mhór seo. 
Tá sé mar nósmhaireacht sa tSín, clúdaigh litreach a thabhairt amach dá mhuintir. Bíonn airgead iontu, go hiondúil. Uaireanta, feictear litreacha beaga agus athbhliain faoi mhaise á ghuí acu chomh maith. 
Ach is minic a scríobhtar teachtaireachtaí mar seo ar laindéar pháipéar agus iad a scaoileadh thuas sa spéir.
 
I rith na coicíse, dúntar formhór na siopaí is tithe tábhairne, agus filleann muintir na Síne abhaile chun an Athbhliain a cheiliúradh lena theaghlaigh. Mar dhuine iasachta, is fiú é a fheiceáil.
 D’fhill mé ar ais go Shanghai i ndiaidh seachtain a chaitheamh ag spaisteoireacht i mBéising, agus bhí an áit chomh ciúin le poll luiche. Bhí mé in ann mo chuid coiscéimeanna a chloisteáil – i gcathair ina bhfuil breis agus 24 milliún duine ina chónaí ann, baineadh geit asam! 
 
Ní raibh a leithead agus duine amháin le feiceáil, toisc go raibh chuile rud dúnta! 
 
I mbliana, cuireadh féile ar siúl a léirigh taispeántais ó mhac léinn Síneacha agus ó dhream roinn na Síneacha anseo in Ollscoil Mhá Nuad. 
I measc na taispeántais seo, bhí ceol traidisiúnta Síneach, damhsa, amhráin agus drámaí grinn as Sínis.
 
 B’an-lá a bhí i gceist, gan lua an féasta a bhí ann ag deireadh na féile seo. Gan amhras ní raibh sé mar an gcéanna leis an bhféile a bhíonn ar siúl sa tSín, ach chaith sé solas ar thraidisiún agus ar chultúr na Síne i gcaoi a raibh an-spraoi ag baint leis.
 
Níor cheiliúr mé Athbhliain na Síneach go dtí seo, ach tar éis na taispeántais seo agus taithí a bhaint amach agam ar an teanga thar lear agus cairdeas a chruthú le daoine Síneacha, táim cinnte go mbeinn á cheiliúradh ar feadh i bhfad.
 
 Bígí ag faire air seo an bhliain seo chugainn. Críochnóidh mé le frása beag Sínise, a chiallaíonn Athbhliain Faoi Mhaise: 新年快乐 (xin nian kuai le)!