Nights In

Gaeilge mar chroí na féile ag fleadh scannán na gaillimhe

Seoladh Fleadh Scannán 2015 i nGaillimh, atá ar an bhfód le 27 mbliana anois, ar an gCéadaoin seo caite.  Beidh an fhéile ar siúl ar feadh cúig lá – an 7 – 12 Iúil, leis na scannáin á thaispeáint i Halla na Cathrach agus imeachtaí agus ceardlanna eile ar siúl ar fud na cathrach.
 
Cuireadh tús leis an bhFleadh leis an scannán nua Éireannach “My Name is Emily”, ina bhfuil Evanna Lynch.  Emer Reynolds, a bhain IFTA amach as an gclár faisnéiseach “One Million Dubliners” le gairid, a rinne eagarthóireacht ar an scannán álainn a thaitin go mór leo siúd a d’fhreastail ar an scannán a taispeánadh go poiblí don chéad uair an oíche sin.
 
I measc an chnuasaigh álainn scannán a bheidh á taispeáint le linn na féile, beidh neart scannán agus gearrscannán as Gaeilge. Cuireadh Croí an Ċladaiġ ar an scáileán mór aréir, ina bhfuil scéal húicéir Chonamara á insint, in éineacht le hamhránaíocht ar an Sean Nós agus íomhánna galánta den cheantar. 
 
Bhí An Náisiúin ar siúl inné chomh maith, ina bhfuil cur síos ar laethanta deiridh an Chogaidh Chathartha.
 
Ar ndóigh, bhí an-chuid cainte ar Song of the Sea nó Amhrán na Mara, a seoladh aréir ag an bhféile.  Idir cheol agus scannánaíocht Éireannach den scoth, is cinnte gur seoid atá sa scannán seo, a stiúir Tomm Moore (The Secret of Kells).  I measc na hainmneacha eile mór le rá, tá aisteoirí agus ceoltóirí Éireannacha den scoth théis ceol agus guthú a chur le chéile don scannán seo; Gleeson, Fionnula Flanagan, David Rawle, Lisa Hannigan, Pat Shortt, Jon Kenny, Bruno Coulais agus Kíla.
 
Beidh scannán as Gaeilge, “An Klondike” ag cur críoch leis an bhféile ar an 12 Iúil.  Scannán le Abú Media atá ann mar gheall ar thriúir deartháireacha ar thuras i Meiriceá.
 
Tá an fhéile faoi lán seol cheana ach is féidir fós ticéid a chur in áirithe agus tuilleadh eolais a aimsiú ar  http://www.galwayfilmfleadh.com/ – is cinnte gur fiú é!
 
Photo Credit: Twitter @Scannain_com