Nights In

An ghaeilge mar croí na féile

Tá clú agus cáil bainte amach ag an gColáiste mar thoradh ar an tsraith leanúnach cheoil agus na físeáin cheoil den scoth atá á thaifead acu le blianta fada anuas – ach go háirithe ó gur éirigh leis an bhfíseán “Avicii vs Lurgan” os cionn milliúin hits a fháil ar YouTube dhá bhliain ó shin.
 
Ar ndóigh is iomaí imeacht a bhíonn ar siúl i rith an tsamhraidh sa gcoláiste idir chath uisce, Holi ar an trá agus neart tionscadail, cóisir, ceolchoirmeacha agus araile, agus is iondúil go mbíonn na himeachtaí seo le feiceáil sna bhfíseán ar YouTube.  Ceann de na mórimeachtaí a bhíonn ann áfach ná Féile C – oíche cheoil agus ceiliúradh le deireadh a chur le Cúrsa C – an tríú chúrsa le linn an tsamhraidh.
 
I mbliana, bhí tinte ealaíne, amhránaíocht le ceoltóirí éagsúla atá théis físeáin a thaifead i rith na bliana, taispeántais rince, ceiliúradh, bia, maisiúcháin agus t-léinte “Féile C” ar chuile dhuine i gclós an Choláiste.  Tá rath, spraoi agus scléip na hoíche le feiceáil sna bhfíseán ceoil bhíonn curtha le chéile ina diaidh chuile bhliain – físeán na bliana seo caite leis an amhrán “This is what it feels like” le Armin Van Buuren as Gaeilge, mar shampla, atá le feiceáil anseo:
 
[[{“fid”:”45844″,”view_mode”:”default”,”fields”:{“format”:”default”},”type”:”media”,”link_text”:null,”attributes”:{“alt”:”Féile C 2K14 – \”This is what it feels like\” le Armin Van Buuren as Gaeilge”,”class”:”media-element file-default”}}]]
 
Ceiliúradh ar an nGaeilge agus imeacht a bhí ann a spreag mórtas agus grá don teanga; “Lasfaimid an oíche le bród inar gcroíthe” a screadadh le linn amhráin.
 
Tharla Féile C 2015 ar an Déardaoin seo caite agus an-oíche spreagúil agus spleodrach a bhí ann.  Bhí ceol le cloisteáil le daltaí, múinteoirí, cúntóirí agus ceoltóirí ón gColáiste idir amhráin nua agus leaganacha Gaeilge na n-amhrán atá le feiceáil ar TG Lurgan á chasadh acu – agus ar ndóigh tharla cúpla imeacht rúnda eile le linn na hoíche – tinite ealaíne, péinteáil aghaidh agus sparklers san áireamh!