General

Deis bheith i d’fhuirseoir- ag electric picnic!

Tá samhradh iontach caite ag lucht GaelGáirí, atá díreach théis filleadh ó Bhéal Feirste ag tús na míosa, i ndiaidh a gcéad gig ann riamh a dhéanamh.  Is iad an t-aon chlub grinn Gaeilge anseo in Éirinn agus anois tá deis á chur ar fáil do chách acu bheith páirteach leis an gclub agus leis an gcraic.
 
Tá comórtas á reáchtáil acu i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Satharn, 22 Lúnasa agus an duais a bheidh an don bhuaiteoir ná seit ag an bhFleadhóg Aibhléiseach ag tús na míosa seo chugainn.  Tá an-tóir na ticéid don fhéile seo ach beidh ceann saor in aisce don té a éiríonn is  leis nó léi an lucht féachana a chur ag gáire oíche amárach i mBaile Átha Cliath.
 
Ní gá ach seit grinn 5 nóiméad i bhfad a chur i láthair ar an oíche agus tá cabhair agus cúnamh ar fáil d’éinne atá ag iarraidh triail a bhaint as.  Má tá spéis agat nó cara leat páirt a ghlacadh téigh chun cainte Gaelgáirí ag gaelgairi@gmail.com. Tá cabhair agus cúnamh ar fáil. Beidh roinnt fuirseoirí aitheanta ann ar an oíche chomh maith! €5 ar iontráil.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ar Facebook nó Twitter @GaelGAIRI.
[[{“fid”:”45822″,”view_mode”:”default”,”fields”:{“format”:”default”,”field_file_image_alt_text[und][0][value]”:””,”field_file_image_title_text[und][0][value]”:””},”type”:”media”,”link_text”:null,”attributes”:{“style”:”line-height: 1.538em; height: 707px; width: 500px;”,”class”:”media-element file-default”}}]]